Agus do ḃi Ṗárao go maiṫ ré Abram air a son: agus do ḃádar cáoiriġ aige, agus daiṁ agus ásail, agus seirḃisiġ ḟear agus seirḃisiġ ban, agus banassail, agus cáṁúill.
Uime sin annois aisig don ḟior a ḃean; óir is faiḋ é, agus guiḋfiḋ ar do ṡon, agus bíaiḋ tú beó: agus muna aisiogṫa tú í, bíoḋ a ḟios agad go ḃfuiġe tú bás go deiṁin, ṫú féin agus an ṁeid ġaḃus leaċd.
Aċd má deir an searḃḟoġantuiġe úd ann a ċroiḋe féin, Cuirfiḋ mo ṫiġearna a ṫeaċd a ríġneas; agus go dtionnsgónuiḋ sé gaḃáil ar na buáċailiḋ agus ná cailiniḋ, agus ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól, agus ar meisge;