Agus tárla, a nuáir ṫug Día ormsa imṫeaċd roṁam ó ṫiġ maṫar, do ráiḋ me ría, Is é so do ċineáltussa do ḋéunas tú orumsa; ann gaċ uilé ḃall iona ttiucfam, abair dom ṫáoḃsa, A sé mo ḋearḃraṫair é.
Agus do ḟíarfuiġeadar dáoine na háite ḋe a ttáoḃ a ṁná; agus a duḃairt seision, A sí mo ḋeirḃṡíur í: óir dob eagla leis a ráḋ, a sí mo ḃean í; ar eagla, ar seision, go muirfidís muinntir na háite mé fá Rebecah; do ċionn go raiḃ breáḋa re féaċuin uirre.
Agus misi, cáit a ccuirfinn mo ṁíoċlú? agus ar do ṡonsa, biáiḋ tú mar áon do na hamadánuiḃ a Nisrael. Anois, guiḋim ṫú, laḃair ris an ríġ; oir ní ċuinneoċuiḋ sé misi uáit.