Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 20:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus a duḃairt Abraham, Do ċionn gur ṡáoil mé, Go deiṁin naċ ḃfuil eagla Dé sa náitse; agus go muirfiḋe misi ar son mo ṁná.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 20:11
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Uime sin teigeoṁaiḋ, nuáir do ċífid na Hégiptiġ ṫú, go naibeorúid síad, A sí so a ḃean; agus múirfid misí, agus coiṁneoċúid ṫusa beó.


Agus a duḃairt Abimeleċ ré Abraham, Créd do ċonnairc tú as a ndearna tú an ní si?


Agus go deiṁin ṫairis sin a si mo ḋearḃṡiúr í; is inġean dom aṫair í, aċ ní hinġean dom ṁaṫair í; agus tugaḋ na mnáoi ḋaṁ í.


Agus a duḃairt sé, Ná beanaḋ do láṁ ris an leanaṁ, agus ná déun éinní ris: óir aiṫniġim a nóis go ḃfuil eagla Dé órt, ó nár ċonnuiṁ tú do ṁac, háonṁac aṁáin uáim.


Agus do ḟíarfuiġeadar dáoine na háite ḋe a ttáoḃ a ṁná; agus a duḃairt seision, A sí mo ḋeirḃṡíur í: óir dob eagla leis a ráḋ, a sí mo ḃean í; ar eagla, ar seision, go muirfidís muinntir na háite mé fá Rebecah; do ċionn go raiḃ breáḋa re féaċuin uirre.


Agus a duḃairt Jóseṗ ríu an treas lá, Déanuiġ mar so, agus mairiḋ: óir atá eagla Dé orum.


Aċt na húaċdarain do ḃí roṁam do ḃádar costasaċ don ṗobal, agus do ġlacadar arán agus fíon úaṫa, táoḃ a muiġ do ċeaṫraċad secel airgid; do ḃí fós, agá ṡerḃíseaċaiḃ ríaġuil ós cionn an ṗobail: aċt ní ḋéarnuiḋ misi marsin, ar eagla Dé.


Do ḃí duine a ḃfearann Hus, dar ḃainm Iób; agus do ḃí an fear sin iomlán agus díreaċ, agus neaċ air a raiḃ eagla Dé, agus do ṡeaċuin olc.


Agus a duḃairt sé ris an nduine, Aṁairc, eagla an TIĠEARNA, sí sin an ċríonnaċt; agus olc do ṡeaċna is tuigsi sin.


An ḃfuil éolus air biṫ ag a nuile ḋuine oibriġios éaicceart? noċ iṫios súas mo ṗobalsa mar iṫid síad aran, agus gan ġairm air an TTIĠEARNA.


Asé eagla an TIĠEARNA tosaċ a néoluis: aċt dísbeaguid na hamadáin eagna agus teagasg.


Le trócaire agus lé fírinne leasuiġṫear a néagcóir: agus lé heagla an TIĠEARNA seaċnuid daóine an tolc.


Annsin tuigfiḋ tú eagla an TIĠEARNA, agus do ġeaḃa tú éolus Dé.


Así eagla an TIĠEARNA an tolc dfúaṫuġaḋ an túaḃar: agus a niomarcaiḋ, agus an droiċṡliġe, agus fúaṫuiġim, an béul míolaḃarṫaċ.


Ní ḃfuil eagla Dé a ḃfiaḋnuisi a súl.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ