Genesis 2:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)9 Agus as an ttalaṁ do ṫug an TIĠEARNA Día ar gaċ uile ċrann fás noċ is taitneaṁaċ don tsúil agus is maiṫ ċum bíḋ; crann na beaṫa mar an ccéudna a lár an ġáirdín, agus crann feasa maiṫeasa agus uilc. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
¶ Cía ré ar cosṁuil ṫusa marso a nglóir agus a mórḋaċt a measc ċrann Eden? giḋeaḋ do ḃéarṫar síos ṫú maille re crannuiḃ Eden go háitiḃ íoċtaraċa na talṁan: luiġfiḋ tú a meaḋón na neiṁṫimċillġéarrṫa a ḃfoċair an luċta marḃṫar leis an ccloiḋeaṁ. Isé so Ṗárao, agus a uile iomadaṁlaċt, a deir an Tiġearna DIA.
Agus fásfuiḋ láiṁ ris a naḃuinn air a brúaċ, air an táoiḃsi agus air an taoiḃ oile, a nuile ċrann ċum bíḋ, naċ ccríonfa a ḋuille, nó naċ ccaiṫfiġear a ṫoraḋ: do ḃéara amaċ toraḋ núaḋ do réir a ṁíos, do ḃríġ gur ġeiniodar a nuisgeaḋa amaċ ón tsanctóir: agus biáiḋ a ṫoraḋ mar ḃíaḋ, agus a ḋuille ċum leiġis.