Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 2:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus do ċum an TIĠEARNA Día an duine do luáiṫreaḋ na talṁan, agus do ṡéid ann a ṗoill-sróna anál na beaṫa, agus táinig an duine ċum ḃeiṫ na anam beó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 2:7
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Mar sin do ċruṫaiḋ Día an duine an a ioṁáiġ féin, a níoṁáiġ Dé do ċruṫaiḋ sé é; fearḋa agus bannda do ċruṫaiḋ sé íad.


Aċ do ċuáiḋ ceó súas ón dtalaṁ, agus do ḟliuċ aġaiḋ na talṁan uile.


A nallus haiġṫe íosas tú arán, no go ḃfilliġ tú ċum na talṁan; óir is aisde do beanaḋ ṫú; óir as luaiṫreaḋ ṫú, agus ċum luáiṫriḋ ḟillfíos tú.


Ar a naḋḃur sin do ċuir an TIĠEARNA Dia amaċ as gáirdín Eden é, do ṡáoṫruġaḋ an talaiṁ as ar tugaḋ é.


Gaċ ní ann a raiḃ anál na beaṫa a bpolláraiḃ a sronaḋ, don uile ní da raiḃ ar talaṁ tirim, fuaradar bas.


An feaḋ ḃías manál ionnamsa, agus ḃías spiorad Dé ann mo ṗolláiriḃ;


Spiorad Dé do rinne mé, agus anál a Nuileċuṁaċduiġ ṫug anum ionnam.


Féuċ, atáim do réir híarratais a náit Dé: atáim fós ar mo ċumaḋ amaċ as an criáiḋ.


Cá ṁéad ní sa lúġa annsa droing áitreaḃas a ttiġṫiḃ críaḋ, agá ḃfuil a mbunáit annsa luaiṫreaḋ, noċ ḃrúiġtear roiṁe an míol críon?


Bíoḋ a ḟios agaiḃ gur bé an TIĠEARNA is Día: isé do rinne sinne, agus ní sinn féin; is sinne a ḋaóine, agus caóiriġ a innḃir.


Oír is aiṫne ḋó ar ḃfoirm; cuiṁniġ sé gur luáiṫreaḋ sinn.


Ise spiorad an duine coinneall an TIĠEARNA, ag scrúdaġ a nuile ċuid a stiġ don ḃolg.


Annsin fillfiḋ an luáiṫreaḋ ċum na críaḋ már do ḃí sé: agus fillfiḋ an spiorad ċum Dé noċ ṫug úaḋ é.


Aimsir re stíallaḋ, agus aimsir ré fúaiġeal; aimsir re toċd, agus aimsir re laḃairt.


Scuiriḋsi ón duine agá ḃfuil a anal iona ṗolláiriḃ: óir cred ionar ċóir meas do ḃeiṫ air?


Aċt anois, a ṪIĠEARNA, is tú ar naṫair; is sinne an ċré, agus is tusa ar ccumadóir; agus sinne uile obair do láiṁe.


Do gaḃaḋ ungṫaċ an TIĠEARNA, anál ar bpolláireaḋ, iona logaiḃ, noċ ré a nduḃramar, Faói na sgáile ṁairfiom a measg na ngeinteaḋ.


Is marso a deir an Tiġearna DIA ris na cnáṁuiḃsi: Féuċ, cuirfe mé anál ionnuiḃ, agus mairfiḋe:


Agus cuirfe mé féiṫeaċ oruiḃ, agus do ḃéara mé feóil súas oruiḃ, agus foileoċa mé siḃ lé croicionn, agus cúirfe mé anál ionnuiḃ, agus beiṫí béo; agus biáiḋ a ḟios aguiḃ gur misi an TIĠEARNA.


Ualaċ ḃreiṫre an TIĠEARNA do Israel, a deir an TIĠEARNA, noċ ṡíneas na fiaiṫis amaċ, agus ṡuiġios bunáit na talṁan, agus ċumas spiorad an duine ann a stiġ.


Agus do ṫuiteadarsan ar a naġaiḋ, agus a duḃradar, A Ḋé, Día spiorad gaca uile ḟéola, an bpeacóċuíḋ áonduine aṁáin, agus an mbía tú feárgaċ ris an bpobal uile?


Cuireaḋ an TIĠEARNA, Día spiorad a nuile ḟeóla, duine ós cionn an ċoṁċruinniġ,


Agus an tan a duḃairt sé so, do ṡéid sé orrṫa, agus a duḃairt sé ríu, Gaḃuiḋ an Spiorad Náoṁ.


Agus fós ní tugṫar onóir ḋó lé laṁuiḃ dáoine, amr do ḃíaḋ ríaċdanus éinneiṫe air, óir is é féin do ḃeir beaṫa, agus anál, agus gaċ uile ní do na huile neiṫiḃ;


Aċd ó a ḋuine, cía ṫusa ṫagrus a naġuiḋ Dé? A naibeóra an ní do cumaḋ ris an té do ċum é, Créd fá a ndearnuiḋ tú mé mar so?


Aṁuil fós atá sgríoḃṫa, Do rinneaḋ an céuduine Aḋaṁ na anam béo; an Táḋaṁ déiġeanaċ na spiorad ḃeóḋa.


An céudduine talṁuiḋe, ón dtalaṁ: an dara duine an Tiġearna ó neaṁ.


Giḋeaḋ atá an tionnṁus so aguinn a soiṫiġiḃ críaḋ, ċum oirḋearcuis an ċúṁaċd sin do ḃeiṫ ó Ḋía, agus ní uainn féin.


Oir atá a ḟios aguinn dá sgaóiltear ó ċéile ar dtiġ talṁuiḋe na boiṫesi, go ḃfuil áitreaḃ aguinn ó Ḋía, tiġ nar tógḃaḋ ré láṁuiḃ, marṫanaċ air neaṁ.


Oír a sé Aḋaṁ do crúṫuiġeaḋ ar tús, agus na ḋiáiġ sin Eúḃa.


Do ḃádar fós ar naiṫreaċa colluiḋe aguinn na luċd smaċduiġṫe, agus do ḃeirmís urruim ḋóiḃ: a né naċ ro ṁó ná sin do ḃéuram úṁlaċd Daṫair na spiorad, agus bíam béo?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ