Agus do ḃeannuiġ Día íad, agus a duḃairt Día ríu, Bíoḋ siḃ tórrṫaċ, agus méuduiġiḋ, agus líonaiḋ an talaṁ, agus cuiriḋ fúiḃ é: agus bíoḋ tiġearnus aguiḃ ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn eúnlaiṫ an aéir, agus ós cionn an uile neiṫe ċorruiġeas ar an ttalaṁ.
Agus a duḃairt sé, O a ṪIĠEARNA Día ar naiṫreaḋ, naċ tusa is Día a bḟlaiṫeaṁnus? agus naċ riaġlann tú ós cionn uile rioġaċt na ngeinteaḋ? agus naċ ḃfuil cuṁaċt agus neart ad láiṁ, iondus naċ éidir déainneaċ cur a taġaiḋ?
Agus is íad so anmanna ṁac Léḃi, do réir a ngeinealuiġ; Gerson, agus Cohat, agus Merári: agus dob íad blíaḋna ḃeaṫa Léḃi céad tríoċád agus seaċd mblíaḋna.
Is marso a déir an TIĠEARNA Ríġ Israel, agus a ḟúascaltóir TIĠEARNA na slóġ; Is misi an céad, agus is mé an deiġionaċ; táoḃ aṁuiġ ḋíom ní ḃfuil Día ar biṫ.
Eoin ċum na seaċd neagluíseaḋ atá sa Násia: Grása maille riḃ, agus síoṫċáin, ón tí áta, agus do ḃí agus ḃías; agus ó na seaċd Spioraduiḃ noċ atá a ḃfíaḋnuise a árdċaṫáoiresion;
Ag ráḋ, Beirmíd buiḋeaċas riotsa, a Ṫíġearna a Ḋé Uileċúṁaċduiġ, noċ atá, agus do ḃí, agus ḃías; óir do ġaḃ tú ċugad do ṁórċuṁaċda féin, agus do ġnoḋuiġ tú do ríoġaċd.