¶ An drong do ní íoṁáiġe ġreanta atáid uile na ndioṁáioneas, agus ní ṫairḃeoċuid a neiṫe dúileaṁla; agus a síad féin a ḃfíaḋuin; ní ḟaicid síad, agus ní ḃfuil a ḟios aca; ar ċor go mbía náire orra.
¶ Ná heagluiḋ; óir ní ḃía náire ort: ní mo ċuirṫear as órduġaḋ ṫu; óir ní ċuirṫear ċum naire ṫú: óir dearmadfuiḋ tú náire hóige, agus ní ċuiṁneoċa tú masla do ḃaintreaḃaċus ní as mó.
O a ṪIĠEARNA, a ḋóṫċuis Israel, biáiḋ náire ar gaċ a ttréigiona ṫusa, agus na daoine ḋeileoċus riomsa béid scrioḃṫa annsa talaṁ, do ḃríġ gur ṫréigeadar an TIĠEARNA, tobar na nuisgeaḋ mbéo.
An raiḃ náire orra a nuáir do rinneadar gráineaṁlaċd? ní heaḋ, ní raḃadar náireaċ ar áonċor, ní mó dféadadar lasaḋ: uimesin tuitfid síad idir an droing ṫuitfios: a nuáir ṫiucfas misi ar cuáirt ċuca teilgfiġear síos íad, a deir an TIĠEARNA.
Annsin cuiṁneoċa tú do ṡliġṫe, agus biáiḋ náire ort, an tan ġlacfus tú do ḋeirḃṡeaṫraċa ċugad, do ḋeirḃṡíur is sine agus is óige: agus do ḃéara mé ḋuit íad mar inġeanaiḃ, aċt ní maille red ċunnraḋsa.
Oir giḋ bé neaċ lér náir misi, agus mo ḃríaṫra ann sa ċineaḋ aḋaltrannaċ agus ṗeacṫaḋ so; buḋ náir lé Mac an duine eisean mar an gceadna, an tan ṫiocfas sé a nglóir Aṫar féin maille ré na aingliḃ náoṁṫa.