Aċd dá sáoiliḋ éinneaċ naċ iomċuḃaiḋ ḋá ṁaiġdin bláṫ a haimsire do léigean ṫáirrsi, agus gur cóir a ḋéanaṁ mar sin, déunaḋ mar is áill ris féin, ní ḃfuil peacaḋ ḋó ann: pósdar íad.
A ḟíora, mar an gcéudna, déunuiḋ cóṁnuiġe a ḃfoċair ḃur mban mar is cuḃaiḋ do ḋaóiniḃ iúlṁara, ag taḃairt onóra don ṁnaói, aṁuil don tsoiṫeaċ as laige, aṁail fós atá siḃ ḃar gcóṁóiġriḃ ġrás na beaṫa; deagla ṫoirmisg do ċur ar ḃur nurnuiġiḃ.