Agus a duḃairt Día, Féuċ, tug mé ḋíḃ gaċ uile luiḃ do ḃeir síol da ḃfuil ar druim na talṁan, agus gaċ uile ċrann, an a ḃfuil toraḋ croinn do ḃeir síol; biáiḋ sé na ḃíaḋ ḋiḃ.
Agus as an ttalaṁ do ṫug an TIĠEARNA Día ar gaċ uile ċrann fás noċ is taitneaṁaċ don tsúil agus is maiṫ ċum bíḋ; crann na beaṫa mar an ccéudna a lár an ġáirdín, agus crann feasa maiṫeasa agus uilc.
Fogair don druing atá sáiḃḃir sa tsáoġalsa, gan ḃeiṫ áirdinntinneaċ, ná a muiniġin do ċur a sáiḋḃreas neaṁbuáin, aċd sa Día ḃeó do ḃeir ḋúinne go sáiḋḃir na huile neiṫer ċum a ccaiṫṁe;
Agus a duḃairt Samuel, An ḃfuil oirid dúile ag an TTIĠEARNA a nofráluíḃ loisge agus a níoḋbarṫaiḃ, mar atá aige a nuṁla do ġlór an TIĠEARNA? Féuċ, Is féarr uṁluġaḋ ná íoḋbairt, agus éisdeaċd ná méaṫas reiṫeaḋ.