15 Agus do ġlac an TIĠEARNA Día an duine, agus do ċuir a ngáirdín Eden é, dá ḋeasúġaḋ agus dá ċuṁdaċ.
Agus ainm an treas aḃann Hidecel: a sí sin ṫeid a táoiḃ ṡoir don Asiria. Agus an ceaṫraṁaḋ aḃann Euṗrátes.
Agus do aiṫin an TIĠEARNA Día don duine, ag ráḋ. Do ṫoraḋ gaċ uile ċrainn annsa ġairdin féaduiġ tu diṫċe go sáor:
Agus annsa seaċdṁaḋ lá do ċríoċnuiġ Día a obair noċ do rinne sé; agus dó ċoṁnuiġ sé ar an seaċdṁaḋ lá ó na obair uile noċ do rinne sé.
Agus do ṗlannduiġ an TIĠEARNA Día garḋaḋ táoḃ ṡoir ann Eden; agus do ċuir sé an duine do ċum sé ann sin.
Má dfoluiġ mé mo ṡáruiġṫe mar Aḋaṁ, ag ceilt mo ṗeacuiḋ ann mo ḃrollaċ:
Oír íosfa tú sáoṫar do láṁ féin: biáiḋ tú sona, agus raċaiḋ go maiṫ ḋuit.
An tí do rinne goid ná gadah ní sá ṁó: aċd go maḋ luáiṫe ḋeánas sé sáoṫar, ag oibriuġaḋ maiṫeasa ré na láṁuiḃ féin, ionnus go mbíáḋ ní aige ré ṫaḃairt don tí air ḃfuil ríaċdanus.