Agus do ġuiḋ Heseciah a laṫair an TIĠEARNA, agus a duḃairt, O a ṪIĠEARNA Día Israel, noċ ċoṁnuiġios eidir na ċerubíniḃ, is tusa aṁáin Día, rioġaċd an doṁuin uile; is tú do rinne neaṁ agus talaṁ.
A duḃairt Húram fós, Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA Día Israel, noċ do rinne neaṁ agus talaṁ, noċ ṫug mac glic do Ḋáiḃi ríġ, lán do ċríonnaċd agus do ṫuigsin, noċ do ċuirfeaḋ tiġ súas don TIĠEARNA, agus tiġ ḋá rioġaċd.
Tusa, eaḋon tusa aṁáin, as TIĠEARNA ann; is tú do rinne neaṁ, flaiṫeas na ḃflaiṫeas, maille re na slúaġ uile, an taluṁ, agus na huile neiṫe dá ḃfuil ann, na fairgeaġḋa agus a nuile ní dá ḃfuil ionta, agus cuṁduiġiḋ tusa íad uile, agus aḋruiḋ sluaġ niṁe ṫu.
Oir ís a sé láeṫiḃ do rinne an TIĠEARNA neaṁ agus talaṁ a nfairge agus a nuile ni atá ionta, agus do scuir sé an seaċdṁaḋ lá: uime sin do ḃeannuiḋ an TIĠEARNA lá na sábóide, agus da naoṁuiġ é.
Is coṁarṫa eadrumsa agus clann Israel go bráṫ é: óir a sé lá do rinne an TIĠEARNA neaṁ agus talaṁ, agus ar an seaċdṁaḋ lá do scuir sé, agus do léig scíṫ.
Agus cuirfiġear ó ċéile uile ṡlúaġ niṁe, agus crapfuiġear na flaiṫis a ccionn a ċéile aṁuil scrola: agus tuitfiḋ a slúaġ uile síos, mar ṫuitios an duille do nfineaṁuin, agus aṁuil fíge ṫuiteas don ċrann fíge.
¶ Is marso a deir Día an TIĠEARNA, an té do ċrúṫaiġ na neaṁa, agus do ṡín amaċ íad; an té do ṡreaṫnuiġ amaċ an talaṁ, agus an ní ṫig amaċ as; an té do ḃeir anál do na daoiniḃ air, agus spiorad don ṁéid ṡiuḃluiġios ann:
Oír is marso a deir an TIĠEARNA do ċrúṫaiġ na neaṁa; Día féin do ċum an talaṁ agus do rinne é; do ḋaingniḋ sé é, ní go díoṁaoin do ċrúṫaiġ sé é, do ċum sé é dá áitreaḃaḋ: is misi an TIĠEARNA; agus ní hé maiṫearaċ.
Agus leaṫnoċuid síad íad as coinne na gréine, agus na gealuiḋe, agus ṡlóiġ neiṁe uile, noċ dob ionṁuin léo agus dá ndeárnadar seirḃís, agus a ndiáiġ ar ṡiúḃluiġeadar, agus noċ díarradar, agus noċ do aḋradar: ní ċruinneoċṫar íad, ní haḋlocṫar íad, biáid ċum aóiliġ ar ġnúis na talṁan.
Ualaċ ḃreiṫre an TIĠEARNA do Israel, a deir an TIĠEARNA, noċ ṡíneas na fiaiṫis amaċ, agus ṡuiġios bunáit na talṁan, agus ċumas spiorad an duine ann a stiġ.
Agus ar na ċlós so ḋóiḃsean, do ṫógḃadar súas a ngúṫ déantoil ċum Dé, agus a duḃradar, a Tiġearna, is tusa an Día do rinne neaṁ, agus talaṁ, agus an ḟáirge, agus gaċ a ḃfuil ionnta:
Agus dfill Día, agus tug sé íad do ḋéanaṁ seirḃíse do ṡlúaġ neiṁe, do reir mar atá sgríoḃṫa a leaḃar na ḃfáiġeaḋ, A ṫiġ Israél, nar ḟoraileaḃair ḋaṁsa beaṫaiḋ ṁarḃa agus ioḋbarṫa ar féaḋ ḋá ḟiċead blíaḋan ar an ḃfásaċ?
Agus deagla go ttóigfeá do ṡúile súas ċum niṁe, a nuáir do ċífeá an ġrían, agus an ġealaċ, agus na réulta, sluáġ níṁe uile, go ttáireongṫáoi ṫú ċum a naḋarṫa, agus do ḋéanaṁ serḃíse ḋóiḃ, noċ do roinn an TIĠEARNA do Ḋía ris a nuile ċineaḋ fáoi neaṁ uile.
(Oir téiġemidne an dream ċreideas a steaċ sa tsuáiṁnios,) do réir mar a duḃairt sé, Ar a naḋḃarsin tug mé mo ṁionna um ḟeirg, naċ raċuid síadsan a steaċ am ṡuáíṁnios: bíoḋ gur críoċnuiġeaḋ na hoibreaċa ó ṫús an dóṁuin.