Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 19:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus a duḃradar san, Seas síar. Agus a duḃradur arís, Na áonar ṫáinic an fearso ar ċuáirt asteaċ, agus ní fuláir leis ḃeiṫ na ḃreiṫeaṁ: a nois do ḋeanam ní is measa riotsa, na ríusan. Agus do ṡáruiġeadar go mór an toglaċ, eaḋon Lot, agus tangadur a ḃfogus don dorus dá ḃriseaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 19:9
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Féuċ, is áon an pobal uile, agus is éinteanga atá aca uile; agus do ṫosuiġeadar so do ḋéunaṁ: agus a nóis ni coinneóċar éinni úaṫa, dar ṡáoileadar a ḋéunaṁ.


Do ċoṁnuiġ Abram a ttir Ċanáain, agus do ċoṁnuiġ Lot a ccaiṫreaċaiḃ an reitiġ, agus do ṡuiḋiġ a ṗaillíun leaṫ re Sodom.


Agus a duḃairt seision, Cía rinne prionnsa, agus breiṫeaṁ ḋíotsa ós ar ccionne? a né ṡaóilios tú misi ṁarḃaḋ, mar do ṁarḃ tú an Tégipteaċ? agus do ġlac eagla Maoisi, agus a duḃairt, Is deiṁin gur fríṫ fios an ġníoṁasa.


Eagluiġiḋ an duine críonna, agus dealuiġiḋ ó nolc: aċ cuṫaiġiḋ an tamadán, agus bíḋ sé dóṫċusaċ.


Teagṁaḋ maṫġaṁuin ar ccaill a cuiléan ré duine, ní is luáiṫe ná amadán iona leiṁe.


Is trom an ċloċ, agus bí an gaineaṁ muiriġineaċ; aċt is truime fearg amadáin ná íad aráon.


Is amadánaċt tosaċ ḃríaṫar a ḃéil: agus is buile urċóideaċ críoċ a ċainte.


Is olc so a measg na huile neiṫe dá ndéantar faói an ngréin, go ḃfuil aóinċinneaṁuin aca uile: atá fós, croiḋe ċloinne na ndaóine lán dolc, agus do ḃuile iona ccroiḋe an fad ṁairfid síad, agus na ḋiáiġsin tíaġaid ċum na marḃ.


Noċ a deir, Seas agad féin, ná tárr láiṁ riomsa; óir is náoṁṫa misi ná ṫú. Is deataċ íad so ann mo ṡróin, teine loisgeaċ ar feaḋ an laói.


Uimesin do congṁaḋ na ceaṫa, agus ní raiḃ an fearṫuinn deireanaċ ann; agus do ḃí éadan stríopuiḋ agadsa, do ḋiúlt tú ḃeiṫ náireaċ.


An raiḃ náire orra a nuáir do rinneadar gráineaṁlaċd? ní heaḋ, ní raḃadar náireaċ ar áonċor, ní mó dféadadar lasaḋ: uimesin tuitfid síad idir an droing ṫuitfios: a nuáir ṫiucfas misi ar cuáirt ċuca teilgfiġear síos íad, a deir an TIĠEARNA.


An raiḃ náire orra a núair do rinneadar gráineaṁlaċt? ní heaḋ, ní raiḃ náire orra ar aonċor, ní mó dféadadar deargaḋ: uimesin tuitfid siad a measg na druinge ṫuitfíos: a naimsir a ccúarta teilgfiġear síos íad, a deir an TIĠEARNA.


Féuċ, do bé so éigceart do ḋeirḃṡeaṫar Sodom, úaḃar, líonṁaireaċt aráin, agus iomad dioṁaóinis do ḃí innte féin agus iona hinġeanuiḃ, ní mó do neartuiġ sí láṁ an ḃoiċt nó an ríaċtanuiġ.


Na taḃraiḋ an ní naóṁṫa do ṁadruiġiḃ, agus na teilgiḋ ḃur gcloċa úaisle a ḃfíaḋnuisi na muc, air eagla go sailteóraidis orrṫa lé na gcosuiḃ, agus ar ḃfilleaḋ ḋóiḃ go dtarroingaidís siḃ féin as a ċéile.


Agus a duḃairt an Ṗilistíneaċ re Dáiḃi, Tárr ċugamsa, agus do ḃéara me tḟoil déanlaiṫ a naiéir, agus dainṁintiḃ an ṁaċaire.


Agus dá nabraḋ duine ar biṫ ris, Ná déindís failliġ ris an méaṫus do losgaḋ ar báll, agus beir leaċd mar is toil led ṁeanmuin; annsin do ḟreigeoraḋ seision é, Ní heaḋ; aċd do ḃéara tú ḋaṁ a nois é, agus muna ttugair, béara me liom ar éigin é.


Anois ar a naḋḃar sin bióḋ a ḟios agad agus meas cred ḋéanas tú; óir do cínneaḋ olc a naġaiḋ ar maiġistir, agus a naġaiḋ a ṫiġe uile: óir sé a leiṫeíd sin do ṁac do Ḃélial é, naċ ḃféadann duine laḃaírt ris.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ