Do ní taisbeanaḋ a ngnúise fiaġnuise na naġaiḋ; agus foillsiġid a bpeacaḋ aṁuil Sodom, ní ḟólċuid síad é. A ṁairg dá nanam! óir do ċúitiġeadar olc ríu féin.
An raiḃ náire orra a nuáir do rinneadar gráineaṁlaċd? ní heaḋ, ní raḃadar náireaċ ar áonċor, ní mó dféadadar lasaḋ: uimesin tuitfid síad idir an droing ṫuitfios: a nuáir ṫiucfas misi ar cuáirt ċuca teilgfiġear síos íad, a deir an TIĠEARNA.
Féuċ, do bé so éigceart do ḋeirḃṡeaṫar Sodom, úaḃar, líonṁaireaċt aráin, agus iomad dioṁaóinis do ḃí innte féin agus iona hinġeanuiḃ, ní mó do neartuiġ sí láṁ an ḃoiċt nó an ríaċtanuiġ.
Ní mó do rinne Samária leaṫ do ṗeacuiḋesi; aċt dfoirlíon tusa do ġráineaṁlaċda ní sa ṁó ná íadsan, agus do rinne tú do ḋeirḃṡeaṫraċa ceart ann huile ġráineaṁlaċdaiḃ noċ do rinne tú.
¶ Má luiḋeann fear mar an gcéadna le fear eile, mar luiġios lé mnáoi, do rinneadar a ráon gráineaṁlaċd: báiseoċṫar go dearḃṫá íad; biáiḋ a ḃfuil orra féin.
A né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ naċ ḃfaġuid luċd déanta na heugcóra sealḃ rioġaċda Dé? Ná mealltar siḃ: ní ḃfuiġiḋ sdríopṫaċa, na luċd ioḋalaḋruiḋ, na luċd aḋaltrannais, ná dáoine macnusaċa, ná dáoine míonadúrṫa,
Do sdríopṫaċuiḃ, so ḋáoiniḃ míonádúrṫa, do ġaduiġiḃ dáoineaḋ, do ḋáoiniḋ bréugaċa, do luċd anéiṫiġ, agus má tá ní ar biṫ eile contrárḋa do ṫeagusg ḟalláin;
Do réir mar atá Sodom agus Gomorra, agus na caiṫreaċa na dtimċioll, noċ do lean do ḋrúis air an moḋ céudna sin, agus do lean dainṁíanuiḃ coiṁṫiġeaċa na colla, ar nag cur síos na neisiompláir, ag fulang péine na teineaḋ síorruiḋe.
¶ Anois ar mbeiṫ ag déanaṁ a gcroiḋṫe súgaċ ḋóiḃ, feaċ, ṫangadar muinntir na caiṫreaċ, mic áiriġ do Ḃelial, timċioll an tiġe fá gcuairt, agus do ḃuáileadar an dorus, agus do laḃradar ré fear an tiġe, an seanduine, ġá ráḋ, Taḃair amaċ an fear ṫainic dot ṫiġ, go ccoiṁríaċdanam ris.