3 Agus do ṡáruiġ sé orra go mór; agus do ḟilleadar a steaċ ċuige, agus do ċuadar don tiġ; agus do rinne sé feusda ḋóiḃ, agus do ċruaḋiġ sé arán gan laiḃín, agus a dúadur san.
Agus a duḃairt sé, Féuċuiḋ anois a ṫiġearnaḋa, íarruim oruiḃ, filliḋ asteaċ, go tiġ ḃur seirḃísiġ, agus ḟanuiḋ ar feaḋ na hoiḋċe, agus ionnluiġ ḃur ccosa, agus eireoċuiḋ siḃ súas go moċ, agus raċaiḋ siḃ roṁuiḃ ann ḃur tturus. Agus a duḃradar san, Ni heaḋ; aċ anfam ar a tsráid feaḋ na hoiḋċe.
¶ Agus tárla lá éigin, gur ġaḃ Elisa ṫríd Ṡunem, mar a raiḃ bean ṁórḋa; gur ċoiṁeigniġ sí é diṫe aráin. Agus is marsin do ḃí, dá ṁionca dá ngéaḃaḋ annsin, go ttíaġ se a steaċ ann diṫe aráin.
Seaċd lá íostáoi arán gan laiḃín; eaḋon an ċead lá cuirfíḋe amaċ an laiḃín as ḃur ttiġṫiḃ: óir cioḋ bé ar ḃiṫ íosas arán laiḃín ón ċead lá go nuige an seaċdṁaḋ lá, gearrḟuiġear amaċ an tanam sin ó Israel.
Agus do ḃruiṫeadar bairġeana gan laiḃín don táos noċ ṫugadar leó amaċ as a Négipt, óir ní raiḃ laiḃín air: óir do dingeaḋ amaċ as a Négipt íad, agus níor ḟéadadar fuireaċ, ní mó do ullṁuiġeadar bíaḋ ar biṫ ḋóiḃ féin.
A deirim riḃ, ar néirġe ḋó, dá mbeiṫ naċ dtioḃraḋ sé sin úaḋ, ar son gur ċara ḋó é, giḋeaḋ go fírinneaċ ar son a liosdaċda do éiréoċaḋ sé, agus do ḃéaraḋ sé ḋó an ṁéid do ḃiaḋ do riaċdanus air.
Agus do ċúaiḋ Gidéon a steaċ, agus do ġléas sé meannán, agus cácuiḋe gan loiḃín do eṗah ṗlúir: do ċuir sé a nfeóil a mbascaéd, agus do ċuir an tanḃruiṫ a bpota, agus ṫug se ċuíge é faoi an daruiġ, agus do ṫairg é.