Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 19:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus mar do ḃí ag déunaṁ moille, rugadur na dáoine ar láiṁ air, agus ar láiṁ a ṁná, agus air láiṁ a ḋeis inġean; ar mbeiṫ don TIĠEARNA grásaṁuil dó: agus tugadur leó amaċ é, agus do ṡuiġeadar taoḃ amuiġ don ċaṫruiġ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 19:16
39 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a nuáir do éiriġ an ṁaidion, an sin do ḃrosduiġedar na haingil Lot, ag ráḋ, Eiriġ, glac do ḃean, agus do ḋías inġean, atá ann so; deagla go ttuitfá a ccionta na caiṫreaċ.


Oír muna ndearnamaóis faddail, is dearḃ go mbemís a nois air ar nais an dara huáir.


O tugaiḋ buiḋeaċus don TIĠEARNA; óir is maiṫ é; óir mairiḋ a ṫrócaire go síorruiḋe.


Mar ḃíos truáiġe ag aṫair dá ċloinn, is marsin atá truáiġe ag an TTIĠEARNA don luċt air a ḃfuil a eagla.


Moluiḋe an TIĠEARNA. O taḃaríġe búiḋeaċas don DTIĠEARNA; óir is maiṫ é: óir mairiḋ a ṫrócaire go síorruiḋe.


Aċt ċeana do ṡáor sé iad ar son a anma féin, ċum a ċuṁaċd do ċur a nuṁuil.


Moluiḋsi an TIĠEARNA, óir is maiṫ é: óir mairiġ a ṫrócaire go bráṫ.


Do ċuir sé a oibreaċa iongantaċa air cuiṁne: atá an TIĠEARNA grásaṁuil agus lán do ṫruáiġe.


Moluiḋ an TIĠEARNA; óir is maiṫ é: óir atá a ṫrócaire go síorruiḋe.


Do rinne mé deiṫfir, agus ní ḋéarnas failliġe haiṫéanta do ċoiṁéad.


Moluiḋ an TIĠEARNA; óir is maiṫ é: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe.


Atáid iomad doilġios don ṗeacaċ: aċt tiucfa trócaire, a ttimċíoll an té ċuireas a ḋóṫċus annsa TIĠEARNA.


Féuċ, atá súil an TIĠEARNA ar an luċd air a ḃfuil a eagla, air an luċt ċuirios a ndóiġ iona ṫrócaire;


Do ṡáoraḋ a nánma ó ḃás, agus dá ccongṁáil béo a ngorta.


Cía hé an duine ler mían beaṫa, ler bionṁúin iomad láeṫeaḋ, dfaicsin maiṫeasa?


Aċt atá tusa, a ṪIĠEARNA, Día trócaireaċ, grásaṁuil, ag fulang a ḃfad, agus lán do ṫrócaire agus dfírinne.


Oír tusa, a ṪIĠEARNA, atáoi maiṫ agus maiṫfeaċ; agus ro ṫrócaireaċ don luċd ġairios ort.


Agus do ġaḃ an TIĠEARNA ṫairis as a ċoinne, agus do ḟógair, An TIĠEARNA, An TIĠEARNA Día, trócaireaċ agus grásṁuil, fadḟuilnġṫeaċ, agus iomlán do ṁaiṫ agus dfírinne,


Ag coiṁéad trocaire do ṁíltiḃ, ag maiṫeaṁ éigceart sáruiġṫe agus ṗeacaiḋ, agus naċ sáorfuiḋ ar eanċor na ciontuiġ; ag leanṁuin ċiontaḋ na naiṫreaċd ar an gcloinn, agus ar ċloinn na cloinne, go nuige an treas agus an ceaṫraṁaḋ glún.


Do ḃí seision buáiḋearṫa ann a nuile ḃuáiḋreaḋsan, do ṫárṫuiġ aingeal a aiġṫe iad: ann a ġráḋ agus ann a ṫruáiġe dfúascail sé íad; diomċuir sé, agus rug leis íad uile láeṫe an tsáoġail.


¶ Is do ṫrócaire an TIĠEARNA naċ ḃfuilmíd aiḋṁillte, do ḃríġ naċ ḃfáilliġid a ġrása.


Atú an TIĠEARNA fad‐ḟuilingeaċ, agus mórṫrócaireaċ, ag maiṫeaṁ éacceart agus péacaiḋ, agus gan an ciontaċ do ṡáoraḋ ar éanċor, ag aiṫḃear péacaiḋ na naiṫreaḋ ar an ccloinn go nuige an treas agus an ceaṫraṁaḋ glún.


Agus ar seasaṁ don ṗuíbliocán, a ḃfád úaḋ, nior ḃáill leis fiú a ṡúl do ṫoġáil suás ċum neiṁe, aċd do ḃuaileaḋ sé a uċd, ag ráḋ, A Ḋía déana trócaire oramsa an peaċṫaċt.


Ní héidir lé neaċ ar biṫ teaċd ċugamsa, muna dtairrnge an Taṫair do ċuir uáḋ mé, é: agus dúiséoċuiḋ misi é ann sa lá deiġeanaċ.


Uime sin do ní sé trócaire ar an té is áill leis, agus cruáiḋiġe sé an té is áill leis.


Glóir agus molaḋ do Ḋía, eaḋon Aṫair ar Dtiġearna Iósa Críosd, Aṫair na trócaire, agus Día na huilé ḟurtaċda;


(Oír an TIĠEARNA do Ḋía as Día grásaṁuil é); ní ṫréigfe sé ṫú, agus ní scriosfa sé ṫú, agus ní mó ḋearmadfaiḋ sé cunnraḋ haiṫreaḋ noċ do ṁionnuiġ sé ḋóiḃ.


Agus cuiṁniġ go raiḃ tú féin ad ṡeirḃiseaċ a ccríċ na Hégipte, agus go ttug an TIĠEARNA do Ḋía amaċ as sin ṫú lé láiṁ láidir agus lé riġe ṡínte amaċ: uime sin do aiṫin an TIĠEARNA do Ḋía ḋíot an tsábbóid do ċoiṁéud.


Ann sin déara tú re do ṁac, Do ḃámairne ar scláḃuiġiḃ ag Ṗárao san Négipt; agus ṫug an TIĠEARNA amaċ as an Négipt sinn le láiṁ láidir:


Aċd do ċionn gur ġráḋuiġ an TIĠEARNA siḃ, agus do ċionn go ccoṁailfaḋ na mionna ṫug sé dá ḃur naiṫriḃ, ṫug an TIĠEARNA amaċ siḃ lé láiṁ lái lir, agus do ḟúascuil sé amaċ as tiġ na dáoirse siḃ, as láimb Ṗárao riġ na Hégipte.


Ní do réir na noibriġṫeaḋ ḃfiréunnda do rinneamairne, aċd do réir a ṫrócaire féin do ṡáor sé sinn, tré ionnlaḋ na haiṫġineaṁna, agus tré aṫnúaḋuġaḋ an Spiorad Náoiṁ;


¶ Aċd a dúḃairt Iosua ris an ndís fear do ċuáiḋ do ḃraṫ na tíre, Eirgiḋe go tiġ na méirdriġ, agus tugaiḋ amaċ as sin an ḃean, agus a nuile ní dá ḃfuil aice, mar do ṁionnuiġeaḃair ḋi.


Agus do ṡáor sé Lot an firéun, do tuirsiġeaḋ ré coinḃearsáid neaṁġloin na ndáoineaḋ neiṁḋíaġa:


As éol don Tíġearna na dáoine díaġa ṡáoraḋ ó ċaṫuġaḋ, agus na dáoine neiṁḟiréunta ċoiṁéud go lá an ḃreiṫeaṁnuis a bpíannuid:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ