Agus a duḃradur na fir ré Lot, An bfuil agad annso éinneaċ eile? do ċlíaṁuin, dó ṁaca, agus hinġeana, giḋ bé ar biṫ ata agad annsa ċaṫruiġ, taḃair iad amaċ as a naitsi:
¶ Agus a núair ṫangadar a núas ċuige, do ġuiḋ Elisa an TIĠEARNA, agus a duḃairt, Gúiḋim ṫú, búail an ṁuinntirse, le daille. Agus do ḃúail sé íad lé daille do réir ḟocail Elisa.
Agus anois, féuċ, láṁ an Tiġearna ad aġaiḋ, agus biaiḋ tú dall, gan aṁarc na gréine agad feaḋ sealad. Agus ris sin féin do ṫuit céo agus dorċadus air; agus do ṡir sé fa gcuáirt dream éigin do ṫreoróċaḋ ar láiṁ é.