Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 19:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus tangadar dá aingeal go Sodom traṫnóna; agus do ḃí Lot na ṡuiġe a ngeata Ṡodom: agus a nuair do ċonnairc Lot íad, do éiriġ súas do ṫeagṁail ríu; agus do ċlaon sé é féin maille ré na ġnúis sios go talaṁ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 19:1
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Anois a síad so geinealuiġ Ṫérah: do ġein Térah Abram, Nahor, agus Háran; agus do ġein Háran Lot.


Do ċoṁnuiġ Abram a ttir Ċanáain, agus do ċoṁnuiġ Lot a ccaiṫreaċaiḃ an reitiġ, agus do ṡuiḋiġ a ṗaillíun leaṫ re Sodom.


Agus ḋéirġeadar na fir súas as sin, agus dféuċadar leaṫ ré Sodom: agus do ċuáiḋ Abraham leó dá mbreiṫ ar a tsliġe.


Agus do filleadur na dáoine a naiġṫe as sin, agus do ċúadar leaṫ re Sodom: aċ do ṡeas Abraham go fóill a laṫair an TIĠEARNA.


Aċ do ċuireadar na dáoine a láṁ amaċ, agus do ṫairrngeadar Lot ċuca asteaċ, agus do ḋruideadur andorus.


Agus a duḃairt sé, Féuċuiḋ anois a ṫiġearnaḋa, íarruim oruiḃ, filliḋ asteaċ, go tiġ ḃur seirḃísiġ, agus ḟanuiḋ ar feaḋ na hoiḋċe, agus ionnluiġ ḃur ccosa, agus eireoċuiḋ siḃ súas go moċ, agus raċaiḋ siḃ roṁuiḃ ann ḃur tturus. Agus a duḃradar san, Ni heaḋ; aċ anfam ar a tsráid feaḋ na hoiḋċe.


Agus do uṁluiġ Abraham é féin síos a laṫair luċd na tíre.


Agus tug Ióseṗ amaċ ó idir a ḋá ġlún iad, agus do ċláon é féin gon a áġuiḋ ċum na talṁan.


A nuáir do ċuáiḋ mé amaċ ċum an ġeata ṫríd an ccaṫruiġ, a nuáir do ġléusuinn mo ṡuiḋeaċan annsa tsráid!


Níor luiġ an coiṁiġṫeaċ annsa tsráid: nar ḟosguil misi mo ḋoirse do noiḋe.


Agus do laḃradar an luċd ṡuiġios annsa ġeata am aġaiḋ; agus an luċt iḃios deoċ láidir do rinneadar aḃrán orum.


Agus ar a nós gcéadna mar ṫarla a laéṫiḃ Lot; do ḃádar ag iṫe, ag iḃe, ag ceannaċ, ag reic, ag plantuġeaḋ, ag tógḃail tiġṫe;


Ná dearmaduiġ aóiḋeaċd ṫaḃairt do ċóímṫiġaċuiḃ: óir dá réir so tugadar dream áiriġe aóiḋeaċd daingliḃ gan ḟios dóiḃ féin.


An sin do ċúaiḋ Boas súas ċum an ġeata, agus do ṡuiġ sé síos annsin: agus, féaċ, ṫáinic an braṫair air ar laḃair Boas, re na ṫáoḃ; a duḃairt seision ris, Hó, ṫusa! gaḃ a leiṫ, suiġ síos ann so. Agus do ṫáinic seision, agus do ṡuiġ sé síos.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ