Agus do ḋeifriġ Abraham don ṗubuil mar a raiḃ Sárah, agus a duḃairt, Deifriġ tráṫ tír meaḋa do ṁin ṗlúir, súaiṫ é, agus déuna bairġeana ar an tteallaċ ḋe.
Agus do ġlac sé im, agus bainne, agus an láoġ, noċ do ḋeasuiġ sé, agus do ċuir na ḃfiaḋnuisi é; agus do ṡeasuiḋ láiṁ ríu fáoi an ċrann, agus a dúadarsan.
Agus do ṡáruiġ sé orra go mór; agus do ḟilleadar a steaċ ċuige, agus do ċuadar don tiġ; agus do rinne sé feusda ḋóiḃ, agus do ċruaḋiġ sé arán gan laiḃín, agus a dúadur san.
¶ Aċt go maḋ malluiġ ḃías an mealltóir, agá ḃfuil firionaċ iona ṫréud, agus ṁóideas, agus íoḋbras don TIĠEARNA ní truáilliġṫe: óir is Ríġ mór misi, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus is báoġlaċ mainm a measc na ngeinteaḋ.
A rís, do ċuir sé ṡearḃḟoġantuiḋe eile ċuca, da ráḋ, Abruiġsi ris an ṁuinntir úd dár tugaḋ cuireaḋ, Féuċ, do ullṁuiġ mé mó ḋínnéir; á táid mo ḋaiṁ agus mainṁinntiġe bíaḋta ar na marḃaḋ, agus a tá gaċ uile ní ullaṁ: tigiḋ ċum na bainnse.