6 Agus do ḋeifriġ Abraham don ṗubuil mar a raiḃ Sárah, agus a duḃairt, Deifriġ tráṫ tír meaḋa do ṁin ṗlúir, súaiṫ é, agus déuna bairġeana ar an tteallaċ ḋe.
Agus do ḃéura misi greim aráin, agus solásuiġiḋ ḃur ccroiḋṫe; tar éis sin imṫeaċuiġ siḃ roṁuiṁ: óir is uime sin tangaḃair ċum ḃur searbḟoġantuiġ; agus a duḃradarsan, Déuna mar a duḃairt tú.
Agus do ṡáruiġ sé orra go mór; agus do ḟilleadar a steaċ ċuige, agus do ċuadar don tiġ; agus do rinne sé feusda ḋóiḃ, agus do ċruaḋiġ sé arán gan laiḃín, agus a dúadur san.
¶ Mar sin do luiḋ Amnon síos, agus do léig sé air féin a ḃeiṫ tinn: agus a nuáir ṫáinic an ríġ dá ḟéaċuinn, a duḃairt Amnon ris an ríġ, Guiḋim ṫú, tigeaḋ Támar mo ḋearḃṡíur, agus déanaḋ sí cúpla bairġin daṁ am raḋarc féin, go niṫin ní as a láiṁ.
Agus ar ngaḃáil ḃaisdiḋ, ḋi féin agus do luċd a tiġe, do ġuiḋ sí sinn, ag ráḋ, Má ṁeasdáoi go ḃfuilim díleas don Tiġearna, tigiḋ, do ḋéunaṁ coṁnuiḋe dom ṫiġ. Agus do ċoiṁéigni sí sinn.
Agus do ċúaiḋ Gidéon a steaċ, agus do ġléas sé meannán, agus cácuiḋe gan loiḃín do eṗah ṗlúir: do ċuir sé a nfeóil a mbascaéd, agus do ċuir an tanḃruiṫ a bpota, agus ṫug se ċuíge é faoi an daruiġ, agus do ṫairg é.