Agus a duḃairt sé, Féuċuiḋ anois a ṫiġearnaḋa, íarruim oruiḃ, filliḋ asteaċ, go tiġ ḃur seirḃísiġ, agus ḟanuiḋ ar feaḋ na hoiḋċe, agus ionnluiġ ḃur ccosa, agus eireoċuiḋ siḃ súas go moċ, agus raċaiḋ siḃ roṁuiḃ ann ḃur tturus. Agus a duḃradar san, Ni heaḋ; aċ anfam ar a tsráid feaḋ na hoiḋċe.
Agus táinig an toglaċ don tiġ: agus do sgáoil seision a ċáṁuill, agus tug tuiġe agus bíaḋ do na cáṁullaiḃ, agus uisge dionnlaḋ a ċos, agus cos na muinntire do ḃí leis.
Agus ar ḃfilleaḋ ḋó ċum na mná, a duḃairt sé ré Síomón, An ḃfaicean tú an ḃean so? ṫáinic misi a sdeaċ dod ṫiġsi agus ní ṫug tú uisgi ċum mo ċos díonlaḋ: aċd do niġ an ḃean so mo ċosa le na déuruiḃ, agus dé ṫiormuiġ sí íad le grúaig a cinn.
Ar a raiḃ teisd ṁaiṫ as a deaġoibriġṫiḃ, má ġlac sí dáoine air aoiḋeaċd, má dionnuil sí cosa na náoṁ, má ṫug sí fóiriġṫin do luċd anṡoiġ, má lean sí do ġnáṫ gaċ déaġobair.