30 Agus a duḃairt sé ris, Oh ná bíoḋ an TIĠEARNA feargaċ, agus laiḃéora misi: Do bféidir go ḃfuiġṫí trioċad ann. Agus a duḃairt seision, Ní ḋéana mé é má ġeiḃim trioċad ann.
Agus a duḃairt sesion, Feuċ anois, do ġaḃ me orm laḃairt ris an TIĠEARNA: Do bfeidir go ḃfuiġṫi fiṫċe ann. Agus a duḃairt sesion, Ní sgriosfa me i air son ḟiṫċid.
Ann sin táinic Iudah a ḃfogus dósan, agus a duḃairt sé, Oh a ṫiġearna, guiḋim ṫú léig dot ṡerḃiseaċuiḃ focal do laḃairt a néisdeaċd mo ṫiġearna, agus ná lasaḋ ṫfearg a naġuiḋ do ṡerḃísiġ: oir is ionann tú agus Ṗárao.
¶ Annsin a duḃairt misi, A ṁairg ḋaṁsa! óir atáim millte; do ċionn gur duine do ḃéul neaṁġlan mé, agus go náitreaḃuim a measg daóine ḃéul neaṁġlan: óir do ċonncadar mo ṡúile an Ríġ, TIĠEARNA na slóġ.
Agus a duḃairt Gideon re Día, Ná lasaḋ ṫfearg a maġaiḋ, agus ní laiḃeora mé aċt so aṁáin: guiḋim ṫú, ná dearḃuim aċt a néanuáirse eile leis a lomraḋ; bíoḋ an tiormaċ ar an lomraḋ aṁáin, agus bíoḋ drúċd ar an ttaluṁ uile.