Agus do ṫóg a ṡúile suas, agus daṁarc sé, agus féuċ, tríurfear na seasaṁ laiṁ ris, agus a nuáir do ċonnairc sé íad do riṫ na gcoinne ó ḋorus na puible, agus do ċláon é féin go talaṁ.
Agus atáid daiṁ agus assail agam, tréada agus seirḃísiġ fear agus seirḃisiġ ban: agus do ċuir mé teaċda uáim dá innisin dom ṫiġearna, ionnus go ḃfaġa mé grása ad raḋarc.
Guiḋim ṫú, ná himṫiġ as so, no go ttí mé ċugad, agus go ttuga mé amaċ mo ofráil, agus go ccuirfiḋ me í as do ċoinne. Agus a duḃairt seision, Fanfuiḋ mé nó go ttí tú a rís.
Agus do ċúaiḋ Gidéon a steaċ, agus do ġléas sé meannán, agus cácuiḋe gan loiḃín do eṗah ṗlúir: do ċuir sé a nfeóil a mbascaéd, agus do ċuir an tanḃruiṫ a bpota, agus ṫug se ċuíge é faoi an daruiġ, agus do ṫairg é.
Agus a duḃairt aingeal Dé ris, Glac a nféoil agus na haráin gan loiḃin, agus cuir air an gcarruigse íad, agus dóirt amaċ an tanḃruiṫ. Agus do rinne sé sin.