¶ Giḋeaḋ biáiḋ deaċṁaḋ ann, agus fillfiḋ, agus íostar é: mar buḋ crann teile, agus daruiġ, a mbía a mbríġ ionnta, a nuáir ṫeilgid a nduille: marsin an siol náoṁṫa ḃus substaint dó sin.
¶ Marso a deir an TIĠEARNA, Mar ġeiḃṫear an fíon núaḋ san triopaill, agus a deir duine, Ná mill é; óir atá beannuġaḋ ann: mar sin do ḋéanas mé ar son mo ṡeirḃíseaċ, iondus naċ scriosfa mé uile íad.
Rioṫuiḋsi síos agus súas ar feaḋ ṡráideaḋ Ierusalem, agus féuċuiḋ anois, agus bíoḋ a ḟios agaiḃ, agus íarruiḋ iona háitiḃ fairsionga, an ḃfuiġṫí duine, an ḃfuil neaċ do ní breiṫeaṁnus, íarrus a nfírinne; agus do ḃéara misi maiṫeaṁnus ann.
Agus díar misi duine iona measc do ḋéanaḋ an fál súas, agus do ṡeasfaḋ annsa mbeirn roṁam ar son na tíre, iondus naċ millfinn í: aċt ní ḟúarus duine ar biṫ.