Go maḋ fada sin uaitsi a ḋéunaṁ marso, an fíréun do ṁarḃaḋ maille ris an cciontaċ: agus go mbiaiḋ an firéun mar an cciontaċ, go maḋ fada sin uaitsi: naċ déuna Breiṫeaṁ na talṁan uile ceart?
Agus do laḃair Daiḃi ris an TTIĠEARNA a nuáir do ċonnairc sé an taingeal do ḃuáil na daóine, agus a duḃairt, Feuċ, is misi do ṗeacaiḋ, agus do rinne droiċ ní, aċ na caóiriġsi, cred do rinneadar? bíoḃ do láṁ am aġaiḋsi, guiḋim ṫú, agus a naġaiḋ ṫiġe maṫar.
Agus buḋ díoḃ féin a núaisle, agus biáiḋ a núaċtarán as a lár féin; agus do ḃéara misi air teaċd a ngar, agus tiucfa sé láiṁ riomsa: óir cía hé so do ċuir a ċroiḋe a ngeall ċum teaċt láiṁ riomsa? a deir an TIĠEARNA.
Agus do ṫuiteadarsan ar a naġaiḋ, agus a duḃradar, A Ḋé, Día spiorad gaca uile ḟéola, an bpeacóċuíḋ áonduine aṁáin, agus an mbía tú feárgaċ ris an bpobal uile?
Druideam air ar naġaiḋ maille ré croíḋe fírinneaċ sáirḋeiṁneaċ a gcreideaṁ, ar mbeiṫ dár gcroíḋiḃ ar na ccróṫaḋ ó ḋroċċoinnsías, agus ar mbeiṫ dár gcorp ionnailte ré huisge glan.
Do ḃí Elías na ḋuine anḃfann cosṁuil rinne, agus do ġuiḋ sé go dúṫraċdaċ fá gan ḟearṫuinn do ḃeiṫ ann: agus ní ḋearnaḋ fearṫuin ar an dtalaṁ feaḋ ṫrí mbliaḋan agus sé míos.