Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 18:21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Raċuiḋ mé sios a nois, agus féuċ fa mé a ndearnadur ṫríd amaċ do réir a gcomarc ṫáinic go nuige mé, agus muna ndearn biáiḋ a fios agum.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 18:21
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫáinic mé a nuas dá sáoraḋ as láṁuiḃ na Négiptaċ, agus dá mbreiṫ súas as an tír sin, go fearann maiṫ fairsing, go fearann do ḃeir tuile ḃainne agus ṁeala; go háit na Ccanaaniteaċ, agus na Hititeaċ, agus na Iebusiteaċ, agus na Namoríteaċ, agus na Bperisíteaċ, agus na Hiḃiteaċ.


Agus táinic an TIĠEARNA a nṡúas dfeaċuin na caiṫreaċ, agus an tuir do rinneadar clann na ndáoine.


Agus tiucfuiḋ a ccríċ san namsin, go spíonta misi Ierusalem lé coinliḃ, agus píanfa mé an drong atá go socair air a ndeascaiġ: noċ a deir iona ccroiḋe, Ní ḋéana an TIĠEARNA maiṫ, ní mó ḋéana sé olc.


Oír, féuċ, tiucfuiḋ an TIĠEARNA as a áit, agus tiucfuiḋ a núas, agus sailteora sé air áitiḃ árda na talṁan.


Misi an TIĠEARNA scrúduim an croiḋe, dearḃuim na duḃáin, eaḋon do ṫaḃairt dá gaċ uile ḋuine do réir a ṡliġṫeaċ, agus do réir toruiḋ a ġníoṁ.


As fios do ṪIĠEARNA Día na ndee, do ṪIĠEARNA Día na ndee, agus biáiḋ a ḟios ag Israel; más caṫuġaḋ, nó sáruġaḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA é, (ná dídiniġ sinn a niuġ,)


Agus cuiṁneoċa tú na sliġṫe uile ionar ṫréoruiġ an TIĠEARNA do Ḋía ṫú anois re ḋá ḟiċṫid ḃlíaḋan san ḃfásaċ, dot ḋéanaṁ uṁul, agus dot ḋearḃaḋ, dfaġáil feasa cread do ḃí ann do ċroiḋe, an gcoiṁéoltá a aiṫeanta, nó naċ déantá.


Oír a duḃairt an TIĠEARNA ré Maoise, Abuir ré cloinn Israel, Is pobal crúaḋṁuiníl siḃ: tiucfa mé súas ion ḃur lár a moment, agus díoġḃáiġfe mé siḃ: uime sin anois cuir ḋíot do ḋeiseaċd uáit, íonnus go ḃfeadarsa créad do ḋeana mé riot.


Ag súd ċuguinn, déunnimne síos, agus buaiḋrim a teangaḋ, ionnus naċ dtúigfid siad glór a ċéile.


Agus ní ḃfuil creatúr ar biṫ naċ ḃfuil follas na ḟíaḋnuisision: aċd na huile neiṫe noċduiġe soilléir do ṡúiliḃ an tí ar a ḃfuilmidne ag laḃairt.


Oír tiucfuiḋ an Tíġearna féin a núas ó neaṁ maile ré gáir, ré gúṫ a narċaingil, agus re sdoc Dé: agus eireóċuid na mairḃ a Gcríosd ar tús:


Créd uime? an do ḃríġ naċ ḃfuil gráḋ agam ḋíḃse? atá a ḟios sin ag Día.


Oír do ṫuirrling mé ó neaṁ, ní do ċum go ndéanainn mo ṫoil féin, aċd toil an té do ċuir uáḋ mé.


Agus a duḃairt seision ríu, Is siḃsi an dream ṡáorus siḃ féin a ḃfíaḋnuisi na ndaoine; aċd is aiṫnid do Dia ḃur grioḋeṫe: óir an ní atá fá ṁóirċion a ḃfiáḋnuisi na ndaóine atá sé gráineaṁnil a ḃfiáḋnuisi Dé.


Ata peacaḋ Iúdah ar na scríoḃaḋ lé péann íaruinn, agus lé rinn diamond: atá sé greanta ar ċlár a gcroiḋe, agus ar ċorruiḃ ḃur naltóraċ;


Do ċuir tú ar ccionta ós do ċoinne, ar bpeacuiḋe fóluiġeaċa ós coinne ṡolus do ġnúise.


Ní ḃfuil dorċadas, nó scáile báis, mar a ḃféudfaidis oibriġṫe na héaccóra íad féin dfolaċ.


Ní éistfe tú ré bríaṫruiḃ an nfáiġ sin, nó ḟir ḟaicsiona na naislingeaḋ: Oír dearḃuiḋ an TIĠEARNA ḃur Ndía siḃ, dá ḟéaċain an ngráḋuiġeann siḃ ḃur TṪIĠEARNA Día ré ḃur nuile ċroiḋe, agus lé ḃur nuile anum.


Agus do ráiḋ an TIĠEARNA, An gceilfiḋ mé ar Abraham an ni si atáim do ḋéunaṁ;


Dféuċ an TIĠEARNA a núas ó neaṁ air ċloinn na ndáoine, dféuċuin an raiḃ aonduine do ṫuigfeaḋ, agus diarrfaḋ Día.


Agus do ḟeuċ Día ar an ttalaṁ, agus, féuċ, do ḃí sé trúailliġe; óir do ṫruáill gaċ uile ḟeóil a ṡliġe ar an ttalaṁ.


Eiriġ, imṫiġ go Nineḃeh, an ċaṫair ṁór sin, agus déana coṁairc na haġaiḋ: óir ṫáinic a ccionta súas dom laṫairsi.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ