Do ní taisbeanaḋ a ngnúise fiaġnuise na naġaiḋ; agus foillsiġid a bpeacaḋ aṁuil Sodom, ní ḟólċuid síad é. A ṁairg dá nanam! óir do ċúitiġeadar olc ríu féin.
Oír isé tiġ Israel fíneaṁuin ṪIĠEARNA na slóġ, agus fir Iúdah plannda a ṫola: agus do ḃí a ṡúil ré breiṫeaṁnus, aċd féuċ an leaṫtrom; re hionnracus, aċd féuċ an ċoṁairc.
Do ċonnairc mé fós a ḃfáiġiḃ Ierusalem ní adḟúaṫṁar: do níd aḋaltrannas, agus siuḃluiġid a mbréaguiḃ, neartuiġid fós láṁa luċt na míġníoṁ, go naċ ḃfillean áonduine ó na olc: atáid uile ḋaṁsa aṁuil Sodom, agus a háitreaḃṫuiġ aṁuil Gomorrah.
Agus isí Samária an deirḃṡíur as sine agad, í féin agus a hinġeana noċ áitreaḃus ar do láiṁ ċlé: agus do ḋeirḃṡíur is óige, noċ áitreaḃus ar do láiṁ ḋeis, isí Sodom agus a hinġeana.
Féuċ, atá túarásdal an luċ oibre do ḃean ḃur nguirt, do ċunnaiṁ siḃ úaṫa tre hengcóir, ag éiġṁe: agus do ċuádar éiġṁe an luċd búana a steaċ a gclúasaiḃ Tíġearna na slóġ.