Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 18:19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Oír is aiṫniḋ ḋaṁsa é, go ttiuḃra aiṫne ḋá ċloinn, agus dá ṫeaġlaċ na ḋiaiġ, agus coiṁédfuid sliġe an TIĠEARNA do ḋéunaṁ ceirt agus breiṫeaṁnuis; ionnus go ttiuḃra an TIĠEARNA air Abraham an ní sin do laḃair dá ṫaoḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 18:19
39 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ó ḃí tú ad leanaḃ go raiḃ eólas na sgrioptúr náoṁṫa agad, lér féidir do ḋéunaṁ éagnuiḋe ċum slánaiġṫe trés an gcreideaṁ noċ atá a Niósa Críosd.


Agus, a aiṫreaċa, ná brosduiġe ḃur gclann ċum feirge: aċd tógḃuiḋ súas íad a dteagusg agus a ḃfoirċeadal an Tíġearna.


Giḋeaḋ fanuiḋ fonndameint ḋaingean Dé ar bun, aga ḃfuil an séulasa, eaḋon Go ḃfuil fios a ṁuinntire féin ag an Dtíġearna. Agus, Gaċ áon ġoireas ar ainm Ċríosd seaċnaḋ sé a néugcóir.


Bíoḋ na deoċáin na ḃfearuiḃ áon ṁná, ag ríaġluġaḋ a gcloinne agus a dtiġṫeaḋ féin go cúḃaiḋ.


Teagaisg an leanaḃ sa ntsliġe ann ar ċoir ḋo imṫeaċd: agus tan ḃías sé áosta, ní ṫréigfiḋ sé í.


¶ Agus ṫusa, a Ṡoluiṁ a ṁic, bioḋ fios Dé haṫar agad, agus deana serḃis dó le croiḋe iomlán agus lé toil aontaḋuiġ: óir spíonuiḋ an TIĠEARNA na huile ċroiḋṫe, agus tuigiḋ sé na huile ḃreaṫnuiġṫe na smuaintiġeaḋ: ma íarrann tú é, do ġeaḃa tú é; aċt má ṫréigionn tú é, teílgfiḋ sé úaḋ ṫú go bráṫ.


Agus má ċítior ḋaóiḃ gurob olc serḃís do ḋéanaṁ don TIĠEARNA, toġaiḋ féin a niuġ cía haca dá ndéantaoi serḃís; an do na déeiḃ noċ daḋair ḃur naiṫré táoḃ ṫall don tuile nó do ḋéeiḃ na Namoriteaċ, a ndúiṫċe a ḃfuiltí: aċ ar mo ṡonsa agus ar son mo ṫiġe, foiġeonam don TIĠEARNA.


Agus a duḃairt sé ríu, Suiġiḋ ḃur ccroiḋṫe ar na huile ḃríaṫraiḃ do nímsi dfiaḋnuġaḋ ḃur measc a niuġ, noċ aiṫeontaói da ḃur ccloinn do ċoiṁéad do ḋéanaṁ, bríaṫar an dliġesi uile.


Atáid súile an TIĠEARNA ċum na ḃfíréin, agus a ċlúasa ċum a ccoṁarc.


Atá an TIĠEARNA ann a ṫeampall naoṁṫa, atá árdċaṫaóir an TIĠEARNA air neaṁ: do ḃeirid a ṡúile aire, teastuiġid forrḋuḃa a ṡúl, clann a ndaóine.


Agus is aṁluiḋ ḃí, a núair do ṫíaġaḋ láeṫe a bfleiḋe timċioll, go ccuireaḋ Iób fios orra agus go náoṁuiġeaḋ sé íad, agus go néirġeaḋ sé sa ṁoċ na maidne, agus go nofrálaḋ sé iodḃarṫa loisge do réir a nuiḃre uile: óir a deireaḋ Iób, Do bféidir gur ṗeacniġeádar mo ṁic, agus gur ṁalluiġeadar Día iona gcroiḋṫiḃ. Marso do níoḋ Iób go gnáṫaċ.


Ar mbeiṫ cuiṁneaċ ḋaṁ ar an gcreideaṁ neaṁḟallsa atá ionnad, noċ do ḃí na ċóṁnuiḋe ar tús ann do ṡeanṁáṫair Lois, agus ann do ṁáṫair Eunice; agus ís deiṁin leam a ḃeiṫ ionnadsa mar an gcéudna.


A duḃairt Pól ris an gcaiptin agus ris na saiġdiuiriḃ, Muna ḃfanaid so sa luing, ní héidir síḃse ṡáḃáil.


Is misi an táoḋaire maiṫ, agus aiṫniġim mo ċáoiriġ féin, agus aiṫniġid mo ċáoiriġ féin mé.


An béo, an béo, molfa sé ṫú, mar do nímsi a niuġ: agus foillseoċuiḋ an taṫair ṫfírinne don ċloinn.


Oir bí fios sliġe na ḃfiréun ag an TTIĠEARNA: aċt raċaiḋ sliġe na neiṁḋíaḋaċ seaċad.


Agus cred ḟéadus Dáiḃi ráḋ riot nios mó? óir atá fios ṡearḃḟoġantuiġ agadsa, a ṪIĠEARNA Día.


A duḃairt sé ris an treas uáir, A Ṡíomóin, ṁic Ióna, a nionṁuin leaċd misí? Do ġaḃ doilġeas Peadar do ḃríġ go nduḃairt sé ris, A Ṫiġearna, atáfios na nuile neiṫer agadsa; atá a ḟios agad gur ab ionṁuin leam ṫú. A duḃairt Iósa ris, Beaṫuiḋ mo ċáoiriġ.


Siḃsi aṁáin daiṫin mé duile ṁuinntearuiḃ na talṁan: uimesin smaiċteoċa mé siḃ ar son ḃur nuile éigceart.


Agus do ḋéuna mé cineaḋ mór ḋíot, agus beannóċuiḋ mé ṫú, agus do ḋeuna mé hainm mór; agus biaiḋ tú ad ḃeannuġaḋ:


Agus beannóċuiḋ mé an ṁéid ḃeannoċus ṫú, agus mailleoċuiḋ mé an té ṁailleoċas ṫú: is ionnadsa ḃeannóċar treaḃa an doṁuin uile.


A duḃairt Día ré Hábraham, Coiṁéudfuiḋ tú mo ċunnraḋ ar a naḋḃarsin, ṫú féin, agus do ṡíol ad ḋiáiġ ann a ngeinealaċuiḃ.


Agus ann do ṡiolsa ḃeid a nuile ċineaḋ ar talaṁ beannuiġe; do ċionn gur uṁluiġ tú dom ġlór.


Ann sin a duḃairt Iacob ré na ṁuinntir, agus ré a raiḃ na ḟoċair uile, Cuiriḋ uáiḃ na deé coiṁiġṫeaċa atá eadruiḃ, agus bíġí glan, agus aṫruiġiḋ ḃur néudniġe:


Oír do ċoiṁéid mé sliġṫeaċa an TIĠEARNA, agus níor ḋealuiġ mé go coirṫeaċ re mo Ḋía.


Is tú an TIĠEARNA Día, noċ do ṫoġ Abram, agus ṫug amaċ é as Ur na Ccaildeánaċ, agus ṫug Abraham dainm air;


Agus glacfuiḋ cloċa eile, agus cuirfiḋ a náit na gcloċsin íad; agus glacfuíḋ moirtéul eile, agus pláistreoċuiḋ an tiġ.


Agus a duḃairt Manoah, Anois tigdís do ḃríaṫra ċum criċe. Cionnus oilfeam an leanaṁ, agus cred do ḋéanam ris?


Oír do ṫeilg sé seaċad altóra na ndée ccoiṁiṫeaċ, agus na haite árda agus do ḃris sé síos na híoṁáiġé, agus do ġearr síos na garráin:


Agus ar an nós céadna an té fúair an dá ṫallainn, do ġnoḋuiġ séisean da ṫalluinn eile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ