Agus do ṫóg a ṡúile suas, agus daṁarc sé, agus féuċ, tríurfear na seasaṁ laiṁ ris, agus a nuáir do ċonnairc sé íad do riṫ na gcoinne ó ḋorus na puible, agus do ċláon é féin go talaṁ.
Agus tangadar dá aingeal go Sodom traṫnóna; agus do ḃí Lot na ṡuiġe a ngeata Ṡodom: agus a nuair do ċonnairc Lot íad, do éiriġ súas do ṫeagṁail ríu; agus do ċlaon sé é féin maille ré na ġnúis sios go talaṁ;
Agus ar gcríoċnuġaḋ na laéṫeaḋ sin, do ṫríallamar roṁain; agus tangadársan uile, agus a mná, agus a gclann ar gcuideaċda as an gcaṫruiġ amaċ: agus do leigeamar air ar nglúiniḃ sinn ar an dtráiġ, agus do rinneamar urnuiġe.
An ran ṫríallfus mé don Sbáinn, tiocfaḋ mé ċugaiḃ: óir atá súil agum ré siḃse dfaicsin ag gaḃail seaċa ḋíḃ, agus siḃse do ṫeaċd riom dom ṡeólaḋ don nionad sin, aċd go raiḃ mé saiṫeaċ a gcáíl da ḃur gcuideaċdasa.