An sin do ṫuit Abraham ar aġuiḋ; agus do rinne gáire, agus a duḃairt ann a ċroiḋe, An mbéurṫar mac don ti atá a ccionn a ċéud blíaḋan dáois agus Sárah atá nóċad blíaġan dáois, an mḃéura sí?
Agus a duḃairt sisi ré na haṫair, Na cuireaḋ fearg ar mó ṫiġearna naċ ḃféaduimse éirge súas roṁad; óir atá gnaṫ na mban orum: agus do spíon Lában an pubuil, agus ní ḃfuáir na híoṁáiġe.
¶ Agus má ḃíon silt ar ṁnáoi, agus go mbía a silt iona feóil na fuil, cuirfiġear ar leiṫ seaċt lá í: agus gioḋ bé ar bíṫ ḃeanas ría biáiḋ neaṁġlan go nóin.
Annois do ḃí Iosua sean, agus ársuiḋ, a mblíaḋnuiḃ; agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Atá tusa foirfe agus ársuiḋ a mbliaġnuiḃ, agus atá fós roṁóran talṁan re sealḃuġaḋ.