8 Agus do ḃéura mé ḋuitsi, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ an fearann ann a ḃfuil tu ar cuairt, tir Ċanaáin, uile, mar ṡeilḃ ṡíorruiḋe; agus biaiḋ mé mar Ḋía aca.
Agus do ḟoillsiġ an TIĠEARNA é féin do Abram agus a duḃairt, Is dod ṡiolsa do ḃeara mean duṫaiḋsi: agus ann sin do rinne sé altóir don TIĠEARNA, noċ do ṫaisbein é féin dó.
Agus táinig an TIĠEARNA ċuige sa noiḋċe ceudna, agus a duḃairt, As misi Día Abraham haṫair; ná bíoḋ eagla ort, óir atáimsi maille riot, agus beinneoċuiḋ mé ṫú agus foirlíonfad do ṡíol ar son mo ṡeirḃísiġ Abraham.
Agus go ttuga sé ḋuit beannaċd Abraham, duit féin, agus dot ṡiól maille riot; go ngaḃa tú oiġreaċd na dúṫaiġ ann a ḃfuil tú ad ċoiṁiġṫeaḋ noċ tug Día do Abraham.
Agus a duḃairt sé rium, Féuċ, do ḋéana mé tóirṫeaċ ṫú, agus méideóċuiḋ mé ṫú, agus do ḋéana mé ḋíotiomad dáoine, agud do ḃéura mé an duṫaiḋsi dod ṡíol ad ḋiáiġ mar ṡeilḃ ṡíorruiḋe.
Má atá naċ ḃfuil mo ṫiġ marsin ag Día; giḋeaḋ do rinne sé ceangal síorruiḋe riomsa, órduiġṫe ann gaċ uile ní, agus daingion: óir sé so mo ṡlánuġaḋsa uile, agus mfonn uile, mátá naċ dtiuḃra seision air fás.
Ann sin do ḃéara an Ṁaiġistir ċum na mbreiṫeaṁan é; do ḃéara sé mar sin ċum ándoruis é, no ċum ursain andoruis; agus tollfa a ṁaiġistir a ċlúas tríṫe lé meanaḋ; agus foiġeonuiġ sé ḋó go bráṫ.
Cuiṁniġ Abraham, Isáac agus Israel, do ṡerḃísiġ, dá ttug tú ṫú féin mar ṁionnuiḃ, agus a duḃairt tú ríu, Do ḋéana mé ḃur síol coṁlíonṁur re réultuiḃ niṁe, agus an dúṫaiḋsi uile air ar laḃair mé, do ḃéura mé dá ḃur síol, agus béid iona hoiġreaċd gu bráṫ.
Agus ungfa tú íad, mar do ung tú a naṫair, ċor go ḃféadfaid miniostralaċd do ḋéanaṁ ḋamsa a noifig an tsagairt: óir biaiḋ a nungaḋ go deṁin na ṡagartaċd ṡíorruiḋe ar feaḋ a ngeinealáċ.
Agus glacfa mé ċugam siḃsi mar ṗobal, agus biáiḋ misi mar Ḋía aguiḃsi: agus áiṫeóntaoi gur mé an TIĠEARNA ḃur Ndía, noċ ḃéurus amaċ siḃ ó ḃeiṫ fá úaluiġiḃ na Négipteaċ.
A dúḃradarsan, Filliḋsi anois gaċ áon aguiḃ ó na ḋroiċṡliġe, agus ó olc ḃur ngníoṁ, agus áitreaḃuiḋ annsa tír ṫug an TIĠEARNA ḋiḃ féin agus dá ḃur naiṫriḃ go sáoġal na sáoġal:
A ṁic an duine, laḃruiḋ an drong áitreaḃas na háite fasuiġsi ṫire Israel, ag ráḋ, Do ḃí Abraham na aónar, agus do ġaḃ sé oiġreaċt na dúiṫċe: aċt atámáoidne mórán; tugaḋ an tír ḋúinn mar oiġreaċt.
Agus biaiḋ so na statúid ṡíorruiḋe aguiḃ, do ḋéanaṁ síoḋa do ċloinn Israel ar son a bpeacuiġiḃ uile uáir san mblíaḋuin. Agus do rinne sé mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
¶ Agus a duḃairt Maóise ré Hobab, ṁac Raguel an Mídianíteaċ, aṫair ṁná Ṁaóise, Atamáoidne ag tríall gus a náit air ar laḃair an TIĠEARNA, ga ráḋ, Do ḃéura mé ḋáoiḃsi é: tárrsa linn, agus do ḋéanam maiṫ ḋuit: óir do laḃair an TIĠEARNA maiṫ do ṫáoiḃ Israel.
Agus do ġeaḃa seision é, agus a ṡíol na ḋiáiġ, martá connraḋ sagartaċda síorruiḋe; do ċionn go raiḃ teasġráḋaċ do Ḋía, agus go ndeárna síoṫ ar son ċloinne Israel.
Agus ní ṫug sé oíġreaċd ḋó ann, go fíu leiṫead troiġṫe: bíoḋ gur ġeall sé a ṫaḃairt mar ṡeilḃ ḋó féin, agus dá ṡíol na ḋíaiġ, gé báċ raiḃ clann fós aige.
Ċor go ndaingneoċaḋ sé ṫú a niuġ mar ṗobal dó féin, agus go mbía na Ḋía agad mar a duḃairt sé riot, agus mar do ṁionnuiġ sé dot aiṫriḃ, do Abraham, do Isaac, agus do Iácob.
Eíriġ súas ar a tslíaḃso Abarim, go sliaḃ Nébo, noċ atá a ḃfearann Moab, atá ṫall as coinne Ieriċo; agus féaċ tír Ċanáain, noċ do ḃeirimse do ċloinn Israel mar ṡeilḃ:
A nuáir do rann an té is ro áirde a noiġreaċd, do na cineaḋaċaiḃ, a nuáir do ḋealuiġ sé mic Aḋaiṁ, do ṡuiġiḋ sé teóronna na ndaoine do réir uiḃre ċloinne Israel.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Sí so an dúiṫċe do ṁionnuiġ misi do Abraham, do Isaac, agus do Iácob, ġá raḋ, Do ḃéara mé so dot ṡlioċd: ṫug mé ortsa a faicsin red ṡúiliḃ, aċ ní raċa tú inte anonn.
Ní ar son ṫfiréantaċda, no direaċdas do ċroiḋe, ṫéid tú do ṡealḃuġaḋ a ḃfearuinn: aċd ar son ċionta na gcineaḋaċsa ċuirios an TIĠEARNA do Ḋía amaċ roṁad íad, agus ċor go gcoiṁlíonfaḋ an focal noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dot aiṫriḃ, Abraham, Isaac, agus Iácob.
Agus ar a ṡon so as eision eirdirṁeaḋontóir an ċonnarṫa nuáiḋ, ionnas trés an mbás, do ḟulaing sé ċum fúasgluiġṫe na sáruiġṫe do ḃí sa gcéudċonnraḋ, go ḃfuiġedís an dream atá ar na ngairm geallaṁuin na hoiġreaċda síorruiḋe.
Déug Maóise mó ṡerḃíseaċ; a nois ar a naḋḃar sin éiriġ, imṫiġ a nonn tar an Iordáinse, ṫú féin, agus an pobalsa uile, don tír do ḃeirimse ḋóiḃ, eaḋon do ċloinn Israel.