7 Agus daingneoċuiḋ mé mo ċunnraḋ eadrum féin agus tú agus eadrum féin agus do ṡíol ad ḋiaiġ ann a ngeinealaċuiḃsin mar ċunnrad siorruiḋe, do ḃeiṫ am Ḋía ḋuitse, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ.
Annsa ló ċeudna sin do rinne an TIĠEARNA cuimraḋ ré Abram, ḋá ráḋ; Dot ṡíolsa ṫug mé an tírsi, ó aḃuinn na Héigipte go nuige an sruṫ mór, sruṫ Euṗrátes:
Agus a duḃairt Dia, Béuruiḋ do ḃean Sárah mac dá ríriḃ ḋuit; agus ġoirfe tú Isaac dainm ḋe, agus daingneoċaiḋ misi mo ċunnraḋ ris na ċunnraḋ ṡíorruiḋe, agus ré na ṡíol na ḋiáiġ.
Agus táinig an TIĠEARNA ċuige sa noiḋċe ceudna, agus a duḃairt, As misi Día Abraham haṫair; ná bíoḋ eagla ort, óir atáimsi maille riot, agus beinneoċuiḋ mé ṫú agus foirlíonfad do ṡíol ar son mo ṡeirḃísiġ Abraham.
Agus féuċ, do ṡeas an TIĠEARNA ós a ċionn, agus a duḃairt, As misi an TIĠEARNA Día Abraham haṫair, agus Día Isaac: an fearann ar a ḃfuil tú ad luiġe, do ḃéura mé ḋuitsi é, agus dot ṡlioċd.
Agus bíaiḋ an boġa annsa néull; agus féuċfa misi air, ionnus go cuiṁneoċa mé an cunnraḋ bioṫḃúan eidir Día agus gaċ uile ċréatúir béo do nuile ḟeóil dá ḃfuil ar an ttalaṁ.
Agus a duḃairt Día ós a ċionn so ré Maóisi, Déura tú re clannuiḃ Israel: An TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iácob, do ċúir misi ċuguiḃ: sé so mainm go bráṫ, agus sé so mo ċuiṁneaċán do nuile ġeinealaċ.
A duḃairt sé ós a ċionn sin fós, Is misi Día haṫar, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iácob. Agus do ḟoluiġ Máoisi a aġuiḋ; óir dob eagal leis féacuin ar Ḋía.
Agus glacfa mé ċugam siḃsi mar ṗobal, agus biáiḋ misi mar Ḋía aguiḃsi: agus áiṫeóntaoi gur mé an TIĠEARNA ḃur Ndía, noċ ḃéurus amaċ siḃ ó ḃeiṫ fá úaluiġiḃ na Négipteaċ.
Oír misi an TIĠEARNA gráḋuiġim breiṫeaṁnus, is fúaṫ líom sladṁóireaċd mar ofrail loisge; agus séolfa mé a nobair a ḃfírinne, agus do ḋéana mé cunnraḋ súṫain ríu.
Agus do ḋéanuid síad coṁnuiḋe ḋaingion innte, agus do ḋéanuid tiġṫe, agus plainndeoċuid gárraḋa fíneaṁna; aseaḋ fós, áiteoċuid maille ré dánaċt, an tan ḃéarus misi breiṫeaṁnus orrasan ṫarcuisniġios íad fa ccuáirt na ttimċioll; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA a Ndía.
Giḋeaḋ fós ar a ṡon sin, a nuáir ḃéid síad a ttír a náṁad, ní ṫeilgfe mé seaċad íad, agus ní mó ḟuaṫoċus mé íad, dá scrios ṫríd amaċ uile, agus do ḃriseaḋ mo ċunnarṫa ríu: oir is misi an TIĠEARNA a Ndía.
Aċd cuiṁneoċa mé ar a sonsan cunraḋ a sinnsear, noċ ṫug mé a maċ as críċ na Hégipte a raḋarc na ngenteaḋ, Ionnus go mbéinn am Ḋía aca: is misi an TIĠEARNA.
Aċd an tan do ċonnairc Iósa sin, do ḃí míċéudfaiḋ aige orrṫá, agus a duḃairt sé ríu, Leigiḋ do na leanbaiḃ teaċd ċugamsa, agus na toirmeasgaiḋ íad: óir is lé na leiṫéidiḃ súd flaiṫeas Dé.
Ann a raḃaḃair a nallód ag siuḃal do réir nóis an tsáoġailse, do réir an ṗrionnsa agá ḃfuil cúṁaċda a naiéir, agus na sbiorúide óibriġeas a nois a gcloinn na heasúṁlaċda:
Ċor go ndaingneoċaḋ sé ṫú a niuġ mar ṗobal dó féin, agus go mbía na Ḋía agad mar a duḃairt sé riot, agus mar do ṁionnuiġ sé dot aiṫriḃ, do Abraham, do Isaac, agus do Iácob.
Aċd a nois atá a ndúil a ndúiṫċe as féarr, eaḋon, sa dúiṫċe neaṁġa: úime sin ní nár lé Día ḋá dtáoḃsan, a Ndía do ġairm ḋe: oír do ullṁuiġ sé caṫair ḋóiḃ.
Uime sin ag so an connraḋ do ḋéuna mé ré tiġ Israél a ndiáiġ na laeṫeaḋsin, a deir an Tíġearna; Cuirfe mé mo ḋliġṫe ann a ninntinn, agus sgrioḃṫad íad ann a gcroíḋe: agus biáiḋ mé um Ḋía aca, agus béid síadsan na bpobal agumsa.
Agus ṫáinic aingeal an TIĠEARNA a níos ó Ġilgal go Bóċim, agus a dúḃairt, Ṫug misi oruiḃ dul súas as an Négipt, agus ṫug mé siḃ ċum na tíre da ṁionnuiġ mé da ḃur naiṫriḃ; agus a duḃairt mé, Ní ḃrisfe mé mo ċunnraḋ riḃ ċoiḋċe.