Agus ar son Ismael, do ċúala mé ṫú: Féuċ, do ḃeannuiġ mé é, agus do ḋéuna mé síolṁar é, agus oirlíonfad go hiomarcaċ é; ḋá ṗrionnsa ḋéug ġeinfeas sé, agus do ḋéuna mé cineaḋ mór ḋe.
Agus do aṫruiġ as sin, agus do ṫoċuil tobar eile; agus do ċionn nar ċuireadar na aġuiḋ: tug Rehobot dainm air; agus a duḃairt sé, Oir a nois do rinne an TIĠEARNA ionad ḋuinn, agus biaiḋmuid lóinṁar annsa dúṫaiġ.
Agus a duḃairt Día ris, Is misi Día uile ċuṁaċdaċ: bí siolṁar agus foírlíon; tiocfuiḋ cineaḋ agus morán do ċiniḋeaċuiḃ uáid, agus tiocfaid ríġṫe amaċ ód ḟorḋronnuiḃ;
Agus do ḃí Israel na ċoṁnuiġe a gcríċ na Hégipte, a ḃfearann Gosen; agus do ḃádur ṡealḃa dúṫaiġ aca ann sin, agus do ḟásadur, agus do lionadur go hiomadaṁuil.
Agus a duḃairt sé rium, Féuċ, do ḋéana mé tóirṫeaċ ṫú, agus méideóċuiḋ mé ṫú, agus do ḋéana mé ḋíotiomad dáoine, agud do ḃéura mé an duṫaiḋsi dod ṡíol ad ḋiáiġ mar ṡeilḃ ṡíorruiḋe.
Do ḃádar riġṫe cuṁaċtaċa mar an ccéadna ós cionn Ierusalem, noċ do ríaġluiḋ ós cionn a niomláin táoḃ ṫall daḃuinn; agus do híocaḋ cíos, cáin, agus cusṫum ríu.