Agus do ráiḋ seision, Ní goirfear Iácob ḋíot feasda mar ainm, aċ Israel: óir atá cuṁaċda agad mar ṗrionnsa ré Día, agus ré daóiniḃ agus do rug tú buáiḋ.
Agus do ḟíafruiġ Iácob ḋe, agus a duḃairt ris, Guiḋim ṫú, innis daṁ hainm. Agus do raíḋ seision, Cread an faṫ fá ḃfiafruiġionn tú maimn? Agus do ḃeannuiġ sé ann sin é.
Agus tárla ar na ṁáraċ go ttug Passur Ieremiah amaċ as na cipiḃ. Annsin a dúḃairt Ieremiah rís, Ní Passur do ġoir an TIĠEARNA dainm ḋiot, aċt Magor‐missabib.
(Mar atá sgríoḃṫa, Do órduiġ mé ṫú ad aṫair do ċineaḋaċuiḃ iomḋa,) a ḃfíaḋnuisi Dé, dar ċreid sé, noċ a ḃéoḋuiġeas na mairḃ, agus ġoireas na neiṫe naċ ḃfuil aṁail as do ḃeidis ann.
An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisiḋíḃ; Do ḃéurad don tí ḃeireas buáiḋ ré a iṫe don ṁanna ḟoluiġeaċ, agus do ḃéur ḋó cloċ ġeal, agus ainm núaḋ sgríoḃṫa air an gcloiċ, náċ aiṫniḋ daóin neaċ aċd aṁáin don tí ġlacas í.