A mbeannuġaḋ go mbeannoċad ṫú, agus a méoduġaḋ go méideoċuiḋ mé do ṡíol aṁuil reulta niṁe, agus mar an ngaineaṁ ar ṫráiġ na fairge; agus sealḃoċuid do ṡíol geataiḋe a náṁad.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA ría, Dá ċineaḋ atá ad ḃroinn, agus ḋa ċinéil dáoine ḋealóċṫar ód ċorp; agus biáiḋ cineaḋ ḋíoḃ as láidre na an cineaḋ eile; foiġeónuiḋ an sinnsear don tsósar.
Agus a duḃairt Día ris, Is misi Día uile ċuṁaċdaċ: bí siolṁar agus foírlíon; tiocfuiḋ cineaḋ agus morán do ċiniḋeaċuiḃ uáid, agus tiocfaid ríġṫe amaċ ód ḟorḋronnuiḃ;
Agus do ḋíult a aṫair, agus a duḃaírt, Atá a ḟios agam a ṁic, atá a ḟios agam, agus biaiḋ sé fós mór, aċ go deiṁin buḋ mó a ḋearḃráṫair is óige ná é, agus fásfuiḋ a ṡíol na niomad cineaḋaċ.