An sin do ṫuit Abraham ar aġuiḋ; agus do rinne gáire, agus a duḃairt ann a ċroiḋe, An mbéurṫar mac don ti atá a ccionn a ċéud blíaḋan dáois agus Sárah atá nóċad blíaġan dáois, an mḃéura sí?
Agus do ṫóg a ṡúile suas, agus daṁarc sé, agus féuċ, tríurfear na seasaṁ laiṁ ris, agus a nuáir do ċonnairc sé íad do riṫ na gcoinne ó ḋorus na puible, agus do ċláon é féin go talaṁ.
A duḃairt sé ós a ċionn sin fós, Is misi Día haṫar, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iácob. Agus do ḟoluiġ Máoisi a aġuiḋ; óir dob eagal leis féacuin ar Ḋía.
Mar taisbéanaḋ an ḃoġa atá san néull a ló na fearṫanna, marsin do ḃí taisbeanaḋ an déallruiġ timċioll fa ccuáirt. Do bé so taisbéanaḋ ċosaṁlaċta ġlóire an TIĠEARNA. Agus a nuáir do ċonnairc mé, do ṫuit mé ar maġaiḋ, agus do ċúala mé gúṫ aóin do laḃair.
Annsin déiriġ misi, agus do ċúaiḋ amaċ san reiġteaċ: agus, féuċ, do ṡeas glóir an TIĠEARNA annsin, mar an nglóir do ċonnairc mé ag sruṫ Ċebar: agus do ṫuit misi ar maġaiḋ.
¶ Agus tárla, an feaḋ do ḃádar dá marḃaḋ agus do fágḃaḋ misi, gur ṫuit mé ar maġaiḋ, agus gur éiġ mé, agus go nduḃairt mé, Ah, a Ṫiġearna DIA! an muirfiḋ tú ar fágḃaḋ Disrael a ndórtaḋ amaċ do ḋíḃḟeirge ar Ierusalem?
Agus do ṫuiteadarsan ar a naġaiḋ, agus a duḃradar, A Ḋé, Día spiorad gaca uile ḟéola, an bpeacóċuíḋ áonduine aṁáin, agus an mbía tú feárgaċ ris an bpobal uile?
Agus a duḃairt seision, Ní heaḋ; aċd már ċaiptín do ṡlúaġ an TIĠEARNA ṫáinic mé a nois. Agus do ṫuit Iosua ar a aġaiḋ gus an talaṁ, agus do rinne aḋra, agus a duḃairt sé ris, Cred a deir mo ṪIĠEARNA re na óglaċ?
Agus an tan do ċonnairc mé é, do ṫuit mé síos agá ċosuiḃ a rioċd ṁairḃ. Agus do ċuir seision a láṁ ḋeas oram, ag ráḋ riom, Ná bíoḋ eagla ort; as míse an céidneaċ agus an neaċ deiġeanaċ:
Oír tárla, a núair do ċuáiḋ an lasair súas leaṫ re neaṁ ó naltóir, go ndeaċaiḋ an taingeal súas a lasair na haltóra. Agus dféaċ Manoah agus a ḃean air sin, agus do ṫuiteadar ar a naiġṫiḃ ċum na talṁan.