Oír tárla, a núair do ċuáiḋ an lasair súas leaṫ re neaṁ ó naltóir, go ndeaċaiḋ an taingeal súas a lasair na haltóra. Agus dféaċ Manoah agus a ḃean air sin, agus do ṫuiteadar ar a naiġṫiḃ ċum na talṁan.
Agus annsin do ċuir aingeal an TIĠEARNA ceann an ḃata do ḃí na láiṁ amaċ, agus do ḃean ris an ḃféoil agus na haránuiḃ gan loiḃín; agus do éiriġ teiniḋ súas as an gcarruig, agus do loisg a nfeóil agus na bairġiona gan loiḃin. Annsin dimṫiġ aingeal an TIĠEARNA as a aṁarc.