Agus a duḃairt Dia, Béuruiḋ do ḃean Sárah mac dá ríriḃ ḋuit; agus ġoirfe tú Isaac dainm ḋe, agus daingneoċaiḋ misi mo ċunnraḋ ris na ċunnraḋ ṡíorruiḋe, agus ré na ṡíol na ḋiáiġ.
Agus do ráiḋ seision, Go deiṁin fillfiḋ mé ċugad do réir aimsire na beaṫa; agus, féuċ, Sárah do ḃean biáiḋ mac aice. Agus do ċúaluiḋ Sárah sin a ndorus an ṗubail, do ḃí air a ċul.
Agus do ḃeannuiġ sé Ióseṗ, agus a duḃairt, Día, ós cuinne ar ṡioḃail mo aiṫreaċa Abraham agus Isaac, an Día do ḃeaṫuiġ mé ar feáḋ mo ṡaoġuil gus a niuġ.
Uċ, naċ ḃfolċann tusa misi ansa nuáiġ, naċ congṁann tú a núaignios mé, go ndeaċuiḋ ṫfearg ṫorum, naċ cuirionn tú aimsir ċinnte síos daṁ, agus mo ċuiṁniuġaḋ!
A duḃairt sé ós a ċionn sin fós, Is misi Día haṫar, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iácob. Agus do ḟoluiġ Máoisi a aġuiḋ; óir dob eagal leis féacuin ar Ḋía.
As tré ċreideaṁ do ċóṁnuiġ sé a dtír na geallaṁna, aṁuil a dtir ċoiṁiġṫe, ar ndéunaṁ coṁnuiġe ḋó a mboṫuíḃ maille ré Hísaac agus ré Iácob, coṁóiġreaḋa na geallaṁna céudna: