19 Agus a duḃairt Dia, Béuruiḋ do ḃean Sárah mac dá ríriḃ ḋuit; agus ġoirfe tú Isaac dainm ḋe, agus daingneoċaiḋ misi mo ċunnraḋ ris na ċunnraḋ ṡíorruiḋe, agus ré na ṡíol na ḋiáiġ.
Agus a duḃairt aingeal an TIĠEARNA ría, Féuċ, atá tú torraċ, agus béura tú mac, agus do ḃéura tú Ismael dainm air: do ċionn go ccúala an TIĠEARNA do ḃuaiḋreaḋ.
Agus daingneoċuiḋ mé mo ċunnraḋ eadrum féin agus tú agus eadrum féin agus do ṡíol ad ḋiaiġ ann a ngeinealaċuiḃsin mar ċunnrad siorruiḋe, do ḃeiṫ am Ḋía ḋuitse, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ.
Coṁnuiḋ sa tírsi, agus biáiḋ misi maille riot, agus beinneoċaiḋ mé ṫú; óir duitsi, agus dot ṡíol, do ḃeura me na tíorṫaso uile, agus coṁlionfuiḋ mé an mionna noċ tug mé Dábraham dot aṫair;
Agus bíaiḋ an boġa annsa néull; agus féuċfa misi air, ionnus go cuiṁneoċa mé an cunnraḋ bioṫḃúan eidir Día agus gaċ uile ċréatúir béo do nuile ḟeóil dá ḃfuil ar an ttalaṁ.
As tré ċreideaṁ mar an gcéudna fuáir Sára féin neart ċum síl do ġaḃáil di, agus rug sí mac tar éis í ḋul tar aóis cloinne ḃreiṫ, do ḃríġ gur ṁeas sí gur ḃfírinneaċ an tí ṫug an geallaḋ.