Agus do ḃeannuiġ Día íad, agus a duḃairt Día ríu, Bíoḋ siḃ tórrṫaċ, agus méuduiġiḋ, agus líonaiḋ an talaṁ, agus cuiriḋ fúiḃ é: agus bíoḋ tiġearnus aguiḃ ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn eúnlaiṫ an aéir, agus ós cionn an uile neiṫe ċorruiġeas ar an ttalaṁ.
Agus a duḃairt Dia, Béuruiḋ do ḃean Sárah mac dá ríriḃ ḋuit; agus ġoirfe tú Isaac dainm ḋe, agus daingneoċaiḋ misi mo ċunnraḋ ris na ċunnraḋ ṡíorruiḋe, agus ré na ṡíol na ḋiáiġ.
Agus do ḃeannuiġeadur Rebeca, agus a duḃradur ría, As tú ar ndeirḃṡiúr, bí ad ṁaṫair ṁílte do ṁillíunuiḃ, agus sealḃuiġidís do ṡíol geatuiḋe an luċda lér fúaṫ íad.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA ría, Dá ċineaḋ atá ad ḃroinn, agus ḋa ċinéil dáoine ḋealóċṫar ód ċorp; agus biáiḋ cineaḋ ḋíoḃ as láidre na an cineaḋ eile; foiġeónuiḋ an sinnsear don tsósar.
Agus a duḃairt Día ris, Is misi Día uile ċuṁaċdaċ: bí siolṁar agus foírlíon; tiocfuiḋ cineaḋ agus morán do ċiniḋeaċuiḃ uáid, agus tiocfaid ríġṫe amaċ ód ḟorḋronnuiḃ;
Agus buḋ ríġṫe ḃías na naiṫreaċuiḃ oileaṁna agad, agus bainríoġna na mbanaltrannuiḃ: cromfuid síos duit go na naiġṫiḃ ċum na talṁan, agus liġfid súas luáiṫreaḋ do ċos; agus aiṫeonuiḋ tú gur misi an TIĠEARNA: óir ní ḃiáiḋ náire ar an luċd ḟeiṫios orumsa.