Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 17:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus timċillgearrfaid feóil ḃur réuṁċroicinn; agus biaiḋ sin mar ċoṁarṫa an ċunnarṫa eadrumsa agus siḃse.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 17:11
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Día, Ag so coṁarṫa an ċunnarṫa do ním eadram féin agus siḃsi agus gaċ uile ċréatuir beó dá ḃfuil maille riḃ, a ngeinealaċuiḃ síorruiḋe:


Agus do ċuir Dáiḃi teaċda ċum Isbóset ṁac Sauil, ġa ráḋ, Taḃair ḋaṁsa mo ḃean Miċal, noċ do ṗós mé ḋaṁ féin, ar son ċéad réaṁċroiceann do na Ṗilistiniḃ.


Agus a nuair do ḋéana coiṁiġṫeaċ coṁnuiġe ad ḟoċair, agus ċoiṁeadfas an ċaisg don TIĠEARNA, timċillġeárṫar a ċlánn ṁac uile, agus ann sin tigeaḋ a ḃfogus agus coiṁéadaḋ é; agus biaiḋ sé mar aon ḃearṫar san tír: oír ni íosuiḋ éainneaċ gan timċillġearraḋ é.


Ann sin do ġlac Sipporah cloċ ġéur, agus do ġearr réuṁċroiceann a mic, agus do ṫeilg fa ná ċosuiḃ é, agus a duḃairt: Go deiṁin is fear fuilteaċ ḋaṁsa ṫú.


Tug sé ḋó mar an gcéadna connraḋ an timċillġearraḋ: agus is mar sin do ġin Abraham Isaac, agus do ṫimċillġearr sé é an toċdṁáḋ lá; agus do ġein Isaac Iácob; agus Iácob an dá ṗátriárc ḋéug.


Agus do ġlac sé coṁarṫa an timċillġearrṫa, séula fíréantaċda an ċreidiṁ do ḃí aige an sa neaṁṫimċeallġearraḋ: ionnus go mbeiṫ sé na aṫair ag gaċ áon do ċreidfeaḋ san neaṁṫimċillġearraḋ; do ċum go measfuiḋe fíréantaċd ḋóiḃsean mar an gcéudna:


Uime sin timċillġearruiḋ croicinn tosuiġ ḃur ccroiḋe, agus ná biṫ ní ḃus mó cruáḋṁuineulaċ.


Agus do rinne Iosua sceana géara do féin, agus do ṫimċillġeárr sé clann Israel ar ċnoc an réṁċroicinn.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ