Agus do ġlac Abraham a ṁac Ismael, agus gaċ a rugaḋ ann a ṫiġ, agus gaċ ar ceannċaḋ ar a ċuid airgid, gaċ uile ḟirionnaċ a measg ḋáoine ṫiġe Abraham; agus do ṫimċillġearr feóil a réuṁċroicinn annsa ló sin féin, mar a duḃairt Día ris.
Aċ aṁaín gurob mar so áontoċuid na daoine linn, coṁnuiġe do ḋéanaṁ ar ḃfoċair go mbemís ar néanṗobal; gaċ áon ḟirionnaċ aguinn do ḃeiṫ timċillġéarrṫa, mar a táidsion timċillġéarrṫá.
Agus a nuair do ḋéana coiṁiġṫeaċ coṁnuiġe ad ḟoċair, agus ċoiṁeadfas an ċaisg don TIĠEARNA, timċillġeárṫar a ċlánn ṁac uile, agus ann sin tigeaḋ a ḃfogus agus coiṁéadaḋ é; agus biaiḋ sé mar aon ḃearṫar san tír: oír ni íosuiḋ éainneaċ gan timċillġearraḋ é.
Ann sin do ġlac Sipporah cloċ ġéur, agus do ġearr réuṁċroiceann a mic, agus do ṫeilg fa ná ċosuiḃ é, agus a duḃairt: Go deiṁin is fear fuilteaċ ḋaṁsa ṫú.
Timċillġearruiḋ siḃ féin don TIĠEARNA, agus beanaiḋ ḋíḃ croicionn tosuiġ ḃur ccroiḋe, siḃsi a ḟeara Iúdah agus a áitreaḃṫaċa Ierusalem: deagla go ttiucfaḋ mo ḋiḃḟeargsa amaċ aṁuil teine, agus go loisgfeaḋ iondus naċ ḃféadfaiḋ éinneaċ a múċaḋ, do ḃríġ uilc ḃur ngníoṁsa.
Ar a naḋḃarso tug Máoisi an timċeallġearraḋ ḋíḃsi; (ní ar son gur ab ó Ṁáoisi atá sé, aċd ó na haiṫriḃ;) agus do níṫí duine do ṫimċeallġearraḋ ann sa tsábboid.
Tug sé ḋó mar an gcéadna connraḋ an timċillġearraḋ: agus is mar sin do ġin Abraham Isaac, agus do ṫimċillġearr sé é an toċdṁáḋ lá; agus do ġein Isaac Iácob; agus Iácob an dá ṗátriárc ḋéug.
An ṁéid lér mían íad féin do ṫaisbéunaḋ go sgíaṁaċ sa ccoluinn, cuirid dfíaċuiḃ oruiḃse an timċillġearraḋ do ġaḃail ċuguiḃ; aṁáin deagla go ndéantáoi gérleanṁuin orrṫa ar son ċroíṫe Ċríosd.
Uime sin bíoḋ ar coiṁne aguiḃ, ar mbeiṫ ḋaóiḃ a nallód ḃur Gcineaḋaċuiḃ sa ḃfeóil, da ngoirṫí an Neaṁṫimċillġearraḋ ris an druing da ngoirṫear an Timċillġearraḋ do níṫear lé laṁuiḃ sa ḃfeóil;
Agus timċillġearrfuiḋ do ṪIĠEARNA Día do ċróiḋe, agus croiḋe do ṡleaċda, do ġráḋuġaḋ do ṪIĠEARNA Dé red ċroiḋe uile, agus led anum uile, ċor go mairfe tú.
Agus sé so an taḋḃar as ar ṫimċillġeár Iosua: Fúaradar an pobal uile ṫáinic as an Négipt, noċ do ḃí fearḋa, eaḋon na fir ċogaiḋ uile, bás san ḃfásaċ ar a tsliġe, mar ṫangadar amaċ as an Négipt.