Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 17:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus a nuáir do ḃí Abram nóċad agus náoi mbliaḋna dáois, do ṫaisbéin an TIĠEARNA é féin do Abram, agus a duḃairt ris, Is misi an Día uile ċuṁaċdaċ; siuḃuil am ḟiadnuise agus bí diongṁalta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 17:1
45 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Anois a duḃairt an TIĠEARNA ré Abram, Eiriġ roṁad as do ṫír, agus ód ġáol, agus ó ṫiġ haṫar, go fearann ṫaisbenfus misi ḋuit:


Agus do ḟoillsiġ an TIĠEARNA é féin do Abram agus a duḃairt, Is dod ṡiolsa do ḃeara mean duṫaiḋsi: agus ann sin do rinne sé altóir don TIĠEARNA, noċ do ṫaisbein é féin dó.


Agus do ḃí Abram ceiṫre fiċid agus sé bliaḋna dáois, a nuáir rug Hágar Ismael dó Abram.


Agus do ḟoilísiġ an TIĠEARNA e féin dó a réiteaċ Ṁamre: agus do ṡuiġ sé a ndorus na puible a tteas an láoi.


An ḃfuil éinní roċruáiḋ ag an TTIĠEARNA? Ann sanuáir ċinnte fillfiḋ mé ċugad do réir aimsire na beaṫa, agus biáiḋ mac ag Sarah.


Agus a duḃairt seision rium, An TIĠEARNA as coṁuir a ṡiuluimsi cuirfiḋ sé a aingeal leaċd, agus soirḃeóċuiḋ do ṡliġe; agus do ḃéura tú bean dom ṁacsa dom ġáol, agus do ṫiġ máṫar:


Agus do ṫaisbein an TIĠEARNA é féin dó, agus a duḃairt, Ná héiriġ síos don Egipt; áitiġ san duṫaiġ ṁúinfeas misí ḋuit:


Agus go mbeannuiġe Día uile ċuṁaċdaċ ṫú, agus go ndearna siólṁur ṫú, agus go ḃfoirlíonuiġ ṫú, go ṁic tú ad iomad dáoine.


Agus a duḃairt Día ris, Is misi Día uile ċuṁaċdaċ: bí siolṁar agus foírlíon; tiocfuiḋ cineaḋ agus morán do ċiniḋeaċuiḃ uáid, agus tiocfaid ríġṫe amaċ ód ḟorḋronnuiḃ;


Agus Día uile ċuṁaċdaċ do ṫaḃairt grás díḃ a laṫair a nóglaoiċ, ionnus go ccuirfiḋ sé liḃ ḃur ndearḃraṫair eile, agus Beniamin, Ma ċaillimsi mó ċlann, do ċaill me meféin.


Agus a duḃairt sé, As misi Día, Día haṫar: ná bíoḋ eagla ort dul síos do Négipt; óir do ḋeana misi ann sin díot cineaḋ mór.


Agus do ḃeannuiġ sé Ióseṗ, agus a duḃairt, Día, ós cuinne ar ṡioḃail mo aiṫreaċa Abraham agus Isaac, an Día do ḃeaṫuiġ mé ar feáḋ mo ṡaoġuil gus a niuġ.


¶ Agus a duḃairt Iácob ré Ióseṗ, Do ḟoillsiġ Día uile ċuṁaċdaċ é féin daṁ a Lus a ttír Ċánaain, agus do ḃeannuiġ mé.


Agus do ṡiuḃail Enoċ le Día tar éis ġeineaṁna Ṁatuselah tri ċéud blíaġan, agus do ġein mic agus inġeana:


Agus do ṡiuḃail Enoċ ré Día: agus ní raiḃ sé; óir rug Día leis é.


A síad so geinealuiġ Naói: do ḃí Naói na ḋuine ḟiréunta agus iomlan ann a ġinealaċaiḃ, agus do ṡiuḃail Naói lé Dia.


Ionnus go ndamgneoċaiḋ an TIĠEARNA a ḟocal, noċ do laḃair sé dom ṫáoḃsa, ga raḋ, Má ḃeirid do ċlann aire dá sliġe, ag siuḃal a ḃfírinne am laṫairse maille re na nuile croiḋe agus re na nuile annum, ní ṫeisdeoċa uáit (ar seision) duine a ccaṫaóir ríoġa Israel.


Agus a duḃairt Solaṁ, Do ṫaisbéin tú dot ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi maṫair trócaire ṁór, do réir mar do ṡiuḃail sé ad ḟiaḋnuise a ḃfírinne, agus a ndioġruis, agus a ḃfíreantaċd croiḋe maille riotsa; agus do ċoiṁéud tú ḋó an cinéul mórso, go ttug tú ḋó mac do ṡuiḋe iona ċaṫaoir ríoġa, mar atá a niuġ.


Ar a naḋḃarsin anois, a ṪIĠEARNA Día Israel, coṁlíon dot ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi maṫair an ní do ġealluis dó, ġa ráḋ, Ní teisdeoċa duine úait ann mo raḋarcsa do ṡuiġe a ccaṫaóir ríoġá Israel; aṁáin má ḃeirid do ṡlioċd aire da sliġe, iondus go siuḃoluid am laṫairse mar do ṡiuḃuil tusa am laṫair,


Guiḋim ṫú, O a ṪIĠEARNA, cuiṁniġ a nois mar do ṡiuḃail mé ad laṫair a ḃfírinne agus maille re croiḋe iomlán, agus go ndéarna mé an ní buḋ ṁaiṫ ad raḋarc. Agus do ġuil Heseciah go géur.


Do ḃí duine a ḃfearann Hus, dar ḃainm Iób; agus do ḃí an fear sin iomlán agus díreaċ, agus neaċ air a raiḃ eagla Dé, agus do ṡeaċuin olc.


An ḃféadann tusa le spíonaḋ Día dfaġáil amaċ? an ḃfuiġe tú amaċ an Tuileċuṁaċdaċ ċum iomláine?


Aċt atá ar Ndíane annsna neaṁuiḃ: a nuile ní dob áill leis do rinne sé.


Sioḃolad ar maġaiḋ ós coinne an TIĠEARNA a ttalaṁ na mbéo.


Atá rún an TIĠEARNA ag an luċd eagluiġeas roiṁe; agus foillsiġiḋ a ċunnraḋ ḋóiḃ.


Agus do ṫáisbéin mé mé féin do Abraham, agus do Isaac, agus do Iácob, a nainm Dé uile ċuṁaċduiġ, aċd ann mainm IEHOḂAH níor ḃaiṫne ḋóiḃ mé.


An té ṡiuḃlas go hionnruic imṫiġiḋ go daingion: aċt an té ṁillios a ṡliġṫe aiṫeontar é.


Agus a duḃairt, Cuiṁniġ anois, a ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, mar do ṡiuḃuil mé ann ṫfiaġnuise a ḃfírinne agus maille ré croiḋe iomlán, agus go ndéarna mé an ní is maiṫ ann do raḋarc. Agus do ġuil Heseciah go géur.


Ah a Ṫiġearna DIA! féuċ, do rinne tú neaṁ agus talaṁ le do ċuṁaċtaiḃ móra agus le ríġ sínte amaċ, agus ní ḃfuil aoinní ro ċruáiḋ ḋuitsi:


Agus meastar uile áitreaḃṫuiġ na talṁan aṁuil neiṁní: agus do ní seision do réir a ṫola féin ar ṡlúaġ neiṁe, agus a measc áitreaḃṫaċ na talṁan: agus ní ḟéadann duine ar bioṫ a láṁ do ċosg, nó a ráḋ ris, Cred do ní tú?


Do ṫaisbéin sé ḋuit, a ḋuine, cred is maiṫ; agus créd íarrus an TIĠEARNA ort, aċt ceart do ḋéanaṁ, agus trócaire do ġráḋuġaḋ, agus siuḃal go huṁal le do Ḋía?


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, A ndearnaḋ láṁ an TIĠEARNA níos giorra? do ċífe tú a nois an ttiocfa mfocalsa a gcríċ ḋuitsi nó naċ ttiocfa.


A duḃairt, an té do ċúaluiḋ bríaṫra Dé, agus do ṫuig eólus an té is roáirde, do ċonnairc fis a Nuileċuṁaċduiġ, ag tuitim a néull, aċd a ṡúile foscuilte:


Agus ar ḃféaċain Diósa orrṫa a duḃairt sé ríu, Ní ḃfuil so ar ċumas do na dáoiniḃ: aċd a tá gaċ uile ní ar ċumas do Ḋía


Ar a naḋḃarsin bíḋiḋsi deangṁálta, mar atá ḃur Naṫair atá air neaṁ deangṁálta.


Agus do ḃádar a ráon na ndáoiniḃ fíreanta a ḃfíaḋnuisi Dé, ag sioḃal go neiṁċiontaċ ann uile aiṫeantuiḃ agus órduiġṫiḃ an Tiġearna.


Agus ar ngérḟéaċuin do Ṗól, ar an gcoṁairle, a duḃairt sé, A ḋáoine agus a ḃráiṫreaċa, do rinne misi seirḃís do Ḋía an gaċ uile ċoinsías ṁaiṫ gus an lá a niuġ.


Is ar a ṡon so ṡáoṫruiġim coinsías glan do ḃeiṫ agam, gaċ uile úair a dtáoḃ Dé, agus dáoine.


Uime sin don tí lér féidir na huile neiṫe do ḋéunaṁ go hiomarcaċ tar mar iarrmuid nó mar smuáinemíd, do réir an ċúṁaċd oibriġeas ionnain,


Oír an TIĠEARNA ḃur Ndía sé Día na ndée é, agus TTIĠEARNA na Ttiġearna, Día mór, cuṁaċdaċ, agus úaṫḃásaċ, naċ bionn meas aige ar ṗearsannuiḃ, agus naċ gaḃann coṁaiḋ:


Ionnus go ngráiḋeoċuiḋ tú do ṪIĠEARNA Día, agus go nuiṁleoċa tú dá ġuṫ, agus go ndruidfe tú ris: óir is é sin do ḃeaṫa, agus faduġaḋ do láeṫeaḋ: ċor go ccoiṁneoċa tú ansa dúiṫċe noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dot aiṫriḃ, do Abraham, Dísaac, agus do Iácob, do ṫaḃairt dóiḃ.


Tig ḋíom na huile neiṫe do ḋéunaṁ tré Ċríosd noċ do neartuiġeas mé.


Uime sin ar ḃfaġáil ríaċda ḋúinn naċ féidir a ċorruġaḋ, bíoḋ grás aguinn, tré na ḃféudfum seirḃís a ḋéunaṁ do Ḋía ann a mbíaḋ dúil aige maille ré náire agus ré faitċeas:


Ionnas gur féidir leis an dream ṫig ċum Dé ṫríd féin do ṡlánuġaḋ go híomlán, ar mbeiṫ ḋó beó go síorruiḋe ċum eadarġuiḋe do ḋéunaṁ ar a son.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ