Agus do ċúaluiḋ Día guṫ an leiniṁ, agus do ġoir aingeal Dé ar Hágar ó neaṁ, agus a duḃairt ría, Créd ġoilleas ort a Hágar? ná bíoḋ eagla ort; óir do ċúaluiḋ Día guṫ an leiniṁ mar a ḃfuil sé.
An TIĠEARNA Día niṁe, noċ tug misi ó ṫiġ maṫar agus ó ḋúṫuiġe mo ċiniḋ, agus noċ do laḃair rium, agus tug a ṁionna ḋaṁ ag ráḋ, Dod ṡíol do ḃeura mé an dúṫaiġsi; cuirfiḋ sé a aingeal roṁad, agus do ḃéura tú bean dom ṁac as sin.
Agus táinic aingeal an TIĠEARNA ċuige a lasair ṫeineaḋ amaċ as lár craóiḃe: agus daṁairc seision, agus, féaċ, do ḃí an ċráoḃ tré lasaḋ ó ṫeineiḋ, agus níor loisgeaḋ an ċráoḃ.