6 Aċd a duḃairt Abram ré Sárai, Féuċ, ata do ċailín ad láiṁ féin; déuna ría mar do ċiṫear ḋuit: agus a nuáir do ṁasluiġ Sárai í, do ṫeiṫ sí as a fiaġnuisi.
Agus do ġlac an searḃfoġantuiġ deiċ ccáṁuill do ccáṁuilliḃ a ṁaiġistir, agus do imṫiġ; óir do ḃí máoin a ṁaiġisdir uile fá na laṁuiḃ: agus do éiriġ sé, agus do ċuáiḋ go Mesopotámia go caṫair Nahor.
Annois a nuáir do ċúaluiḋ Ṗárao an nísi, do íarr sé Máoisi do ṁarḃaḋ. Aċ do ṫeiṫ Máóisi as raḋarc Ṗárao, agus so ċoṁnuiġ sé a gcriċ Ṁídian: agús do ṡuiġ sé síos laiṁ re tobar.
A ḟíora, mar an gcéudna, déunuiḋ cóṁnuiġe a ḃfoċair ḃur mban mar is cuḃaiḋ do ḋaóiniḃ iúlṁara, ag taḃairt onóra don ṁnaói, aṁuil don tsoiṫeaċ as laige, aṁail fós atá siḃ ḃar gcóṁóiġriḃ ġrás na beaṫa; deagla ṫoirmisg do ċur ar ḃur nurnuiġiḃ.