Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 16:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus do ġoir síainm an TIĠEARNA do laḃair ría, Ṫusa a Ḋé do ċí mé: óir a duḃairt sí, Nar ḟéuċ misi mar an ccéudna annso a ndiáiġ an té do ċí mé?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 16:13
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus fuáir aingeal an TIĠEARNA í láiṁ ré tobar uisge, san ḃfásaċ, laiṁ ris an ttobar ar an tsliġe go Súr.


Agus do ġoir Abraham dainm do náitsin Iehoḃah-Iireh: mar a dearṫar gus a niuġ, a sliaḃ an TIĠEARNA do ċífiḋear é.


Agus do ḃí eagla air, agus a duḃairt, Cread é úaṁnuiġe na háitesi! ní háit ar biṫ so aċ tiġ Dé, agus a se so geata ḟlaiṫeaṁnuis.


Muna ḃeiṫ Día máṫar, Día Abraham, agus eagla Isaac leam, go deiṁin do ċurfeá ar siuḃal a nois mé folaṁ: do ċonnairc Día mo leaṫtrom agus sáoṫar mo láṁ, agus tug aiṫfear ḋuitsi a réir.


Agus dó ġoir Iácob Peniel dainm do náit sin; óir do ċonnairc mé Día aġuiḋ ar aġuiḋ agus do saḃalaḋ mo ḃeaṫa.


Agus mar do ċuáiḋ a nunn tar Ṗenuel, do éiriġ an grían air, agus do ḃí sé bácaċ ann a laḋairg.


Agus ar uáisliḃ ċloinne Israel níor leag sé a láṁ: mar sin do ċoncadar Día, agus a duádar, agus do iḃeadar.


Atáid súile an TIĠEARNA ann gaċ uile ḃall, ag féuċuin air a nolc agus air an maiṫ.


Oír atáid sliġṫeaċa an duine a ḃfiaġnuisi súl an TIĠEARNA, agus measaiḋ sé a imṫeaċta uile.


Ann sin do ṫóg Gideon altóir don TIĠEARNA air a náitsin, agus do ġoir Iehoḃah‐Salom ḋi: gus an lá a niúġ atási fós ann Oṗrah na Nabiesríteaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ