11 Agus a duḃairt aingeal an TIĠEARNA ría, Féuċ, atá tú torraċ, agus béura tú mac, agus do ḃéura tú Ismael dainm air: do ċionn go ccúala an TIĠEARNA do ḃuaiḋreaḋ.
Agus a duḃairt Dia, Béuruiḋ do ḃean Sárah mac dá ríriḃ ḋuit; agus ġoirfe tú Isaac dainm ḋe, agus daingneoċaiḋ misi mo ċunnraḋ ris na ċunnraḋ ṡíorruiḋe, agus ré na ṡíol na ḋiáiġ.
Agus do ċúaluiḋ Día guṫ an leiniṁ, agus do ġoir aingeal Dé ar Hágar ó neaṁ, agus a duḃairt ría, Créd ġoilleas ort a Hágar? ná bíoḋ eagla ort; óir do ċúaluiḋ Día guṫ an leiniṁ mar a ḃfuil sé.
Agus do ṡuiġeadar síos diṫe aráin, agus do ṫógḃadar súas a súile, agus do aṁairceadar, agus féuċ do ṫáinic cuideaċda Ismaeliteaċ ó Ġilead gun a ccaṁulluiḃ, ag iomċar spíosra, agus balma, agus mirra, ag imṫeaċd dá ḃreiṫ síos do Néigipt.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Is deiṁin go ḃfaca misi scíursa mo ṗobuil, noċ atá sa Négipt, agus do ċúala mé a néiġṁe, do bríġ a maiġistreaḋ tascuiḋ: óir atá fiós a ndoilġis agam.
Aċd a duḃairt an taingeal ris, Ná bíoḋ eagla ort, a Ṡaċarías: óir do héisdeaḋ húrnuiġe; agus béaruiḋ do ḃean Elisábet mac ḋuit, agus do ḃéara tú Eóin mar ainm air.
Uime sin tárla, a nuáir ṫáinic a naimsir timċioll tar éis Hannah do ḃeiṫ torraċ, go rug sí mac, agus ṫug Samuel dainm air, ġa ráḋ, Do ċionn gur íarr mé ar an TTIĠEARNA é.