Agus ar son Ismael, do ċúala mé ṫú: Féuċ, do ḃeannuiġ mé é, agus do ḋéuna mé síolṁar é, agus oirlíonfad go hiomarcaċ é; ḋá ṗrionnsa ḋéug ġeinfeas sé, agus do ḋéuna mé cineaḋ mór ḋe.
Agus do imṫiġ, agus do ṡuiġ sios as a ċoinne, tamal maiṫ uaḋ, fa ṫuairim urċuir ṡoiġde: óir a duḃairt sí, Ná faicim bás an leiniṁ. Agus do ṡuiġ sí as a ċoinne anunn, agus ar ttógḃail a goṫa go hárd, do ġuil sí.
Do ḃí seision buáiḋearṫa ann a nuile ḃuáiḋreaḋsan, do ṫárṫuiġ aingeal a aiġṫe iad: ann a ġráḋ agus ann a ṫruáiġe dfúascail sé íad; diomċuir sé, agus rug leis íad uile láeṫe an tsáoġail.
Feuċ, cuirfiḋ mé mo ṫeaċtaire, agus uillṁeoċa sé an tsliġe roṁam: agus tiucfa an TIĠEARNA, noċ íarṫaói, go hobann da ṫeampall, eaḋon teaċtaire an ċunnarṫa, iona ḃfuil ḃur ndúil: féuċ, tiucfa sé, a deir TIĠEARNA na slóġ.
¶ Agus táinic aingeal ón TTIĠEARNA, agus dó ṡuiġ fáoi ḋaruiġ noċ do ḃí ann Oṗrah, noċ ba lé Ioas an Tabí‐esríteaċ: agus do ḃí a ṁac Gidéon ag búalaḋ cruineaċda láiṁ ré hionad brúite an nfíona, ḋá ḟolaċ ar na Midianaċaiḃ.