9 Agus a duḃairt ris, Glac ḋaṁsa colpaċ ṫrí mblíaḋan daóis, agus gaḃar baineann ṫri mblíaḋan dáois, agus reiṫe ṫrí mbliaḋan dáois, agus turtair agus colum óg.
Agus do ṫóg Abraham a ṡúile súas, agus daṁairc sé, agus féuċ, do ḃí táoḃ ṡíar ḋe reiṫe ceanguilte lé na aḋarcuiḃ ann a ttor: agus do ċuáiḋ Abraham agus do ġlac an reiṫe, agus do íoḋbuir é mar offrail loisge a náit a ṁic.
Coṁaircfiḋ mo ċroiḋe go hárd ar son Ṁoab; teiṫfid a ḋíbearṫuiġ go Soar, seasgḃó ṫrí mblíaḋan daóis: óir le roċduin Luhit súas le gul raċaid síad súas air; óir a sliġe Horonáim tóigfid súas coṁairc na dioġḃála.
¶ Má ḃíonn ofráil nó íoḋbuirt loiscṫe don airiġe, ofrálaḋ firionnaċ gán ċáide: ofrálaḋ sé, é da ṫoil áontaġaíḋ féin ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA.
Agus a nuáir ċoiṁlíontar láeṫe a glanta, ar son mic, nó inġine, do ḃéura sí úan don ċéidḃliaḋuin, agus colum óg no éun turtuir, mar ofráil ṗeacaiḋ, go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ, ċum an tsagairt.
Agus múna ḟéadfa sí úan do ṫaḃairt, ansin do ḃéara ḋá ṫurtuir, no ḋá ċolum óga; áon díoḃ mar ofráil loiscṫe, agus an dara mar ofráil ṗeacaiḋ: agus do ḋéana an sagart síṫ ar a son, agus biáiḋ sí glan.
Bulóg agus reiṫe mar an gcéadna mar ofráil ṡioḋa, díoḋbuirt a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA; agus ofráil ḃíḋcumaiscṫe le hola: oir foillséoċaiḋ an TIĠEARNA é féin a niuġ ḋáoiḃ.