Agus do ḟoillsiġ an TIĠEARNA é féin do Abram agus a duḃairt, Is dod ṡiolsa do ḃeara mean duṫaiḋsi: agus ann sin do rinne sé altóir don TIĠEARNA, noċ do ṫaisbein é féin dó.
Agus go ttuga sé ḋuit beannaċd Abraham, duit féin, agus dot ṡiól maille riot; go ngaḃa tú oiġreaċd na dúṫaiġ ann a ḃfuil tú ad ċoiṁiġṫeaḋ noċ tug Día do Abraham.
¶ Agus do ráiḋ Ióseṗ ré na ḋearḃráiṫriḃ, Atáimsi ag eug: agus fóirfe Día oruiḃsi go déiṁin, agus béura sé as an ttírsi siḃ, gus an ttír do ṁionnuiġ sé do Abraham, do Isaac, agus do Iacob.
Cuiṁniġ Abraham, Isáac agus Israel, do ṡerḃísiġ, dá ttug tú ṫú féin mar ṁionnuiḃ, agus a duḃairt tú ríu, Do ḋéana mé ḃur síol coṁlíonṁur re réultuiḃ niṁe, agus an dúṫaiḋsi uile air ar laḃair mé, do ḃéura mé dá ḃur síol, agus béid iona hoiġreaċd gu bráṫ.
¶ Agus do aiṫin misi ḋáoiḃ a nuairsin, ḋá ráḋ, Ṫug an TIĠEARNA ḃur Ndía an fearannsa ḋáoiḃ dá ṡealḃuġaḋ: raċṫáoi ṫairis armṫa a laṫair ḃur ndearḃráiṫreaċ clann Israel, a nuile ḋuine dá ḃfuil iomċuḃaiḃ ċum an ċogaiḋ.
Ní ar son ṫfiréantaċda, no direaċdas do ċroiḋe, ṫéid tú do ṡealḃuġaḋ a ḃfearuinn: aċd ar son ċionta na gcineaḋaċsa ċuirios an TIĠEARNA do Ḋía amaċ roṁad íad, agus ċor go gcoiṁlíonfaḋ an focal noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dot aiṫriḃ, Abraham, Isaac, agus Iácob.