5 Agus tug leis amaċ é, agus a duḃairt, Féuċ annois air neaṁ, áiriṁ na réulta, más éidir leaċd a náireaṁ: agus a duḃairt sé ris; as marso ḃías do ṡíol.
A mbeannuġaḋ go mbeannoċad ṫú, agus a méoduġaḋ go méideoċuiḋ mé do ṡíol aṁuil reulta niṁe, agus mar an ngaineaṁ ar ṫráiġ na fairge; agus sealḃoċuid do ṡíol geataiḋe a náṁad.
Agus do ḃéura mé ar do ṡíol foirlíonaḋ mar réulta a naiéir, agus do ḃéura mé dot ṡíol na tíorṫaso uile; agus ann do ṡíol béid uile ċiniḋeaċa na talṁan beannuiġe;
Agus biáiḋ do ṡíol mar ġaineaṁ na talṁan; agus leiṫneaċuiḋ tú amaċ síar agus soir, buḋ ṫuaiḋ agus buḋ ḋeas; agus buḋ ionnad sa, agus ann do ṡíol ḃéid muinntir na talṁan uile beannuiġe.
Do ḟoirlíon tú a cclann mar an ccéadna aṁuil réultanna a naiéir, agus ṫug tú don tír íad, a ttaoḃ a ttug tú geallaḋ ḋá naiṫriḃ, go raċaidís a steaċ dá sealḃuġaḋ.
Cuiṁniġ Abraham, Isáac agus Israel, do ṡerḃísiġ, dá ttug tú ṫú féin mar ṁionnuiḃ, agus a duḃairt tú ríu, Do ḋéana mé ḃur síol coṁlíonṁur re réultuiḃ niṁe, agus an dúṫaiḋsi uile air ar laḃair mé, do ḃéura mé dá ḃur síol, agus béid iona hoiġreaċd gu bráṫ.
Mar naċ féidir slúaġ neiṁe dáireaṁ, nó gaineaṁ na fairge do ṫoṁus: mairsin fóirlíonfuiḋ misi slioċd Ḋáiḃi mo ṡeirḃíseaċ, agus na Leḃítiġ ṁiniostralas daṁ.
Agus do ṫóg misi ḃur naṫair Abraham don taóiḃ oile don tuile, agus do ṫréoruiġ mé tré ṫír Ċanaain uile é, agus do ṁéaduiġ mé a ṡlioċd, agus ṫug mé Isaac ḋó.